Scéim chun sábháilteacht coisithe agus rochtain scoile a fheabhsú i nGarraí Eoin trí thrasrianta feabhsaithe, bearta moillithe tráchta, bonneagar siúil uasghrádaithe agus iompar poiblí agus soilsiú níos fearr.
Suíomh: Bóthar an Chnoic Ghlais ó acomhal Bhóthar Bhéal Átha Síomoin go Bóthar Gharraí Eoin agus acomhal Thobar na Pingine Uachtarach go Sráid Uí Mhaoldomhnaigh agus acomhal Shráid Uí Mhaoltuile
Áirítear le gnéithe an tionscadail na nithe seo a leanas:
- Cúig thrasrian coisithe nua.
- Síntí starracha ar mhaithe le moilliú tráchta agus feabhsúcháin ar chead páirceála.
- Athleagan amach srutha tráchta chun córas aontreo a dhéanamh ag Tobar na Pingine Uachtarach, Ball Alley Place (Cúirt an tSáirséalaigh) agus Cúirt na hArdeaglaise.
- Teannadh acomhail ag suíomhanna éagsúla ar fud na scéime.
- Gnéithe amhairc ag dhá shuíomh scoile trí úsáid a bhaint as mullaird agus marcanna bóthair.
- Dhá stad bus nua ar Bhóthar Chlocháin Theas.
- Cosáin nua a thógáil ag suíomhanna éagsúla ar fud na scéime.
- Uasghrádaithe ar shoilsiú poiblí.
Doiciméid Tacaíochta