Léarscáil Idirghníomhach

Taispeántar tionscadail Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ar an Léarscáil Idirghníomhach Taistil Ghníomhaigh. Le línte glasa taispeántar an líonra reatha rothaíochta ar fud na cathrach agus an chontae.

Active Travel Interactive Map

Cliceáil ar bhioráin/dheilbhíní na léarscáile le haghaidh cur síos ar leathanaigh tionscadail agus nasc leo. Is féidir srianta sraithe a úsáid chun cineálacha tionscadail a scagadh. Zúmáil amach chun tionscadail bunaithe ar chontae a fheiceáil. Zúmáil isteach chun mionsonraí ar leith a fheiceáil faoi bhealaí nua agus bealaí atá le teacht ar fud na cathrach agus an chontae.

Taispeántar leis an léarscáil dhigiteach Taistil Ghníomhaigh na nithe seo a leanas ar fud chathair agus chontae Luimnigh:

  • Dul chun cinn ar fheidhmiú céimneach an bhonneagair coisithe fheabhsaithe faoi mhaoiniú Taistil Ghníomhaigh
  • Dul chun cinn ar líonra rothaíochta Luimnigh (ina sonraítear rotharbhealaí atá tógtha, á dtógáil agus le tógáil)
  • Dul chun cinn ar fheidhmiú céimneach an Chláir Bealaí Sábháilte chun na Scoile (ina sonraítear oibreacha atá curtha i gcrích agus le teacht)
  • Áiseanna curtha i gcrích faoi Chlár Oibreacha Scáthláin Bhus
  • Suíomhanna feadán monatóireachta dé-ocsaíde nítrigine i gceantair a bhfuil an fhoireann Taistil Ghníomhaigh ag déanamh monatóireachta orthu
  • Suíomhanna trealaimh monatóireachta leibhéil torainn i gceantair a bhfuil monatóireacht á déanamh orthu ag Monatóireacht Timpeallachta
  • Áiseanna páirceála rothar atá ar fáil ar fud chathair agus chontae Luimnigh
This service is provided by

Active Travel

Phone +353 61 556000