Is as Dún na nGall ó dhúchas mé, agus tá mé i mo chónaí i gContae Luimnigh anois, agus déanaim ionadaíocht ar Cheantar Bardasach Áth Dara/Ráth Caola. Toghadh ar Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh mé den chéad uair i 2019.
Agus mé ag fás aníos ar fheirm bheag i nDún na nGall, fuair mé buneolas faoi thábhacht an phobail agus smaoineamh na meithle. Bhog mé go Contae Luimnigh ag 20 bliain d'aois agus go tapa bhí Áth Dara mar bhaile agam.
Ghlac mé páirt in obair phobail agus rinneadh cathaoirleach dom ar Bhailte Slachtmhara Áth Dara roinnt blianta ó shin. Thuig mé go raibh an easpa ionadaíochta ag an leibhéal áitiúil ina mhíbhuntáiste toisc go raibh sé beagnach 10 mbliana ó bhí comhairleoir sa sráidbhaile agus mar sin shocraigh mé seasamh agus toghadh mé i dtoghcháin áitiúla 2019.
Ba dheacair dom an cinneadh a dhéanamh chun seasamh ach mar gheall ar an spéis mhór a bhí agam sa pholaitíocht agus an fonn a bhí orm chun rudaí a dhéanamh, bhí mé in ann aon féinamhras a chur ar leataobh agus an misneach a aimsiú chun seasamh.
Tá toghadh tar éis mo chéad fheachtais ar cheann de na héachtaí is bródúla atá bainte amach agam. Bíonn ról éagsúil ag comhairleoirí agus bíonn dúshlán agus deis foghlama nua gach lá. Táim ag obair go dian chun cabhrú le pobail ar fud an dáilcheantair gach lá agus mé ag ullmhú do thoghcháin 2024 agus ag tnúth leo.