Straitéis Uirbeach Comhtháite An Chaisleáin Nua

Is é an Caisleán Nua an baile is mó i gContae Luimnigh (daonra 7,209 in 2022).. Meallann sé daoine ó dhobharcheantar leathan chun cónaí, oibriú, siopadóireacht agus sóisialú.

  • THRIVE

Tá méadú tagtha ar dhaonra an bhaile agus is baile ilchultúrtha é anois le go leor náisiúntachtaí. Sa daonáireamh deireanach (2022), níor rugadh in Éirinn ach beagán faoi bhun 30% de dhaonra an bhaile mhóir. Tá bonn láidir déantúsaíochta agus poist ardchaighdeáin ag an ngeilleagar áitiúil, agus láidreacht an bhaile mar bhaile margaidh ón 18ú hAois á chaomhnú. Tá feidhmeanna láidre tráchtála aige, tá earnáil mhiondíola faoi bhláth agus seirbhísí san oideachas, sa tsláinte agus i réimsí eile, ag soláthar do dhaoine a chónaíonn sa bhaile agus ina chúlchríoch tuaithe agus talmhaíochta níos leithne. Tá feidhm an Chaisleáin Nua mar bhaile margaidh láidir, a stair luath agus a oidhreacht dírithe ar an gCaisleán agus tá a thairiscint chultúrtha agus ealaíon ríthábhachtach dá fhéiniúlacht freisin.

Ag baint leasa as an gclár THRIVE arna thacú ag an AE – Scéim Athbheochana Oidhreachta Lár an Bhaile den Chéad Uair, tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag ullmhú Straitéis Uirbeach Comhtháite don Chaisleán Nua. Díríonn an straitéis seo ar lár an bhaile agus forbrófar í le rannpháirtíocht saoránach agus i gcomhairle le gnólachtaí áitiúla, eagraíochtaí poiblí agus deonacha agus pobail sa Chaisleán Nua. Mar chuid den straitéis, sainaithneoimid líon beag de phríomhthionscadail fhisiciúla faoi stiúir na hoidhreachta a bhfuil an cumas acu athbheochan a dhéanamh ar Lár an Bhaile.

Bainfidh an Straitéis Uirbeach Comhtháite agus sainaithint príomhthionscadail do lár an bhaile leas as oidhreacht agus cultúr áitiúil an Chaisleáin Nua agus rannpháirtíocht le daoine ón éagsúlacht cultúir agus cúlra atá sa bhaile chomh maith leis na gnólachtaí agus eagraíochtaí deonacha. Tógfaidh sí ar phleananna agus ar straitéisí reatha an údaráis áitiúil don bhaile.

Beidh an straitéis seo ar aon dul le prionsabail bheartas an rialtais um Lár an Bhaile chun Tosaigh agus Plean Ceantair Áitiúil an Chaisleáin Nua 2023-2029.

Maoiniú

D’éirigh le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh maoiniú de €199,116 a fháil chun an Straitéis Uirbeach Comhtháite seo a ullmhú mar chuid de Shraith 1 de Scéim Athbheochana Oidhreachta Lár an Bhaile THRIVE. Comhdhear Comhthionóil Réigiúnacha na hÉireann agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an scéim chun dul i ngleic le cuspóirí beartais Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha. Tá THRIVE cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach.

Glacann THRIVE cleachtas agus prionsabail mhodheolaíocht Bauhaus Nua na hEorpa (NEB). Tá an NEB dírithe ar réitigh inbhuanaithe a sholáthar chun an timpeallacht thógtha a athrú ó bhonn agus cothaíonn sé athrú ar stíleanna maireachtála a theastaíonn don aistriú “glas”. Tá trí shnáithe i gceist le modheolaíocht an NEB a ionchorprófar in aon tionscadal féideartha amach anseo: Le chéile, Inbhuanaithe agus Álainn.

Is í an aidhm ná tionscadail a fhorbairt atá cuimsitheach agus fréamhaithe inár bpobail (Le Chéile), a thugann meas ar ár dtimpeallacht nó a chuireann feabhas ar ár dtimpeallacht (Inbhuanaithe) agus gan dearmad a dhéanamh ar aeistéitic (Álainn) agus ar ár dtaitneamh a bhaint as spásanna lasmuigh den fheidhm. Is iarracht é seo ar fad chun meas a léiriú ar éagsúlacht na n-áiteanna, na dtraidisiún agus na gcultúr san Eoraip agus níos faide i gcéin.

Straitéis Uirbeach Comhtháite a fhorbairt Sceideal 

Fómhar 2024

Geimhreadh 2024 Earrach 2024

An chéad imeacht faisnéise pobail

Ceardlanna Comhchruthaithe Saoránach & Páirtithe Leasmhara

Píblíne Tionscadail forbartha agus athbhreithnithe

Cur chun cinn tionscadail agus rannpháirtíocht phoiblí

Dréacht-Straitéis Uirbeach Comhtháite a ullmhú

Straitéis Uirbeach Comhtháite a thabhairt chun críche

Ceardlanna pobail agus agallaimh thaifeadta

Ceardlann Aiseolais do Shaoránaigh & Páirtithe Leasmhara

 

Ar ais go barr

Straitéisí agus Pleananna Reatha 

Cuirfear an Straitéis Uirbeach Comhtháite nua seo le chéile ag cur san áireamh na pleananna reatha atá forbartha ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, amhail iad siúd thíos. Tabharfaidh sé seo deis don Straitéis Uirbeach Comhtháite tógáil ar anailís agus ar thaighde ó thréimhsí eile oibre agus taighde don Chaisleán Nua.

Ar ais go bar

 

Rannpháirtíocht Phobail

Bhí ár gcéad imeachtaí rannpháirtíochta poiblí ann an 3 agus an 5 Deireadh Fómhair sa Chearnóg, an Caisleán Nua.

Ócáid eolais phoiblí a bhí anseo do mhuintir an Chaisleáin Nua, áit ar thugamar isteach an tionscadal, inar pléadh an poitéinseal a bhaineann le Straitéis Chomhtháite Uirbeach do Lár an Bhaile agus inar chualamar tuairimí agus mothúcháin daoine maidir le Lár an Bhaile.

Rinne daoine ar bhuaileamar leo ar an tsráid suirbhéanna ag an ócáid agus chaith siad am ag caint linn faoin mbaile - cad é atá go maith faoi, cad iad na saincheisteanna atá i láthair ann agus cad gur féidir linn déanamh chun lár an bhaile a fheabhsú. Thóg daoine eile ár mbileog eolais ar a raibh an nasc chuig an leagan ar líne den suirbhé. Tá an suirbhé ar líne seo fós oscailte agus tugaimid cuireadh do dhaoine a chónaíonn, a oibríonn nó a thugann cuairt ar an gCaisleán Nua a gcuid tuairimí agus smaointe a roinnt linn - Bíodh do thuairim agat!

I rith mhí Dheireadh Fómhair, chuireamar leis an rannpháirtíocht tosaigh seo agus leanamar orainn ag bualadh le grúpaí éagsúla gach seachtain chun trasghearradh maith tuairimí a fháil ar shaincheisteanna agus tosaíochtaí áitiúla. Ag an am céanna, táimid tar éis cruinnithe duine le duine a reáchtáil le daoine a bhfuil baint acu leis an mbaile agus eolas maith acu air, ar fud leasanna gnó, gníomhaireachtaí poiblí, spórt, cultúr agus ealaíon agus pobal agus ionas go mbeimis ar an eolas faoi na dearcthaí éagsúla.

Táimid ag leanúint leis an obair seo sa Chaisleán Nua ag tús mhí na Samhna trí cheardlanna a óstáil atá á n-eagrú i gcomhar le hAcmhainní Iarthar Luimnigh le linn na Seachtaine um Chuimsiú Sóisialta (4-8 Samhain).

Féach sonraí faoi imeachtaí poiblí amach anseo agus conas a fhéadfaidh tú páirt a ghlacadh sa phróiseas sa rannán Nuashonraithe is Déanaí.

BRIONGLÓIDÍ le haghaidh an Chaisleáin Nua

An 25 Samhain rinneamar ‘Meitheal Mhachnaimh’ a óstáil go comhpháirteach le BUSarchitektur, an comhlacht sainchomhairleoireachta Ostarach atá ag cabhrú leis an bpróiseas rannpháirtíochta chun an Straitéis Uirbeach Chomhtháite a fhorbairt. Bhí an deis ann leis an Meitheal Mhachnaimh dul i dteagmháil le gnólachtaí áitiúla, le hionadaithe ó chomhlachtaí poiblí agus le hionadaithe ón tionscal chomh maith le hionadaithe an phobail agus ionadaithe deonacha ar fud na n-ealaíon agus cultúir, spóirt agus grúpaí forbartha pobail. Leis an Meitheal Mhachnaimh pléadh smaointe, ar thug muid ‘Brionglóidí’ orthu, chun tírdhreach an bhaile a athshamhlú agus a athdhearadh. Bhí an plé bunaithe ar ‘4 Brionglóid’ – gach ceann acu dírithe ar cheantair éagsúla i lár an bhaile agus dírithe ar théamaí éagsúla. Ainmníodh na téamaí: Éabhlóid, Claochlú, Comhchruthú agus Stolladh. Le haghaidh tuilleadh sonraí ar na ‘4 Brionglóid,’ féach le do thoil ar an Dréacht-Straitéis Uirbeach Chomhtháite.

Spasanna agus Áiteanna

I mí na Nollag 2024 agus i mí Eanáir 2025, reáchtálamar tionscadal rannpháirtíochta Comhdhearaidh agus Comhchruthaithe dar teideal ‘Spásanna agus Áiteanna’ le scoláirí na hIdirbhliana ó Choláiste Deasmumhan. An aidhm a bhí ann leis an tionscadal ná chun breathnú ar an gCaisleán Nua agus ar na spásanna agus na foirgnimh nach bhfuil in úsáid, atá ligthe i ndearmad agus atá folamh i lár an bhaile, agus chun smaoineamh ar conas na spásanna agus na háiteanna sin a athúsáid ó dhearcadh na gcónaitheoirí óga. Chuir an rannpháirtíocht agus an fhoghlaim a d’eascair as an tionscadal sin a rinneadh leis na scoláirí le forbairt na Straitéise Uirbí Comhtháite. Le haghaidh tuilleadh sonraí ar an tionscnamh ‘Spásanna agus Áiteanna,’ ní mór duit tagairt a dhéanamh don Dréacht-Straitéis Uirbeach Chomhtháite .

Straitéis Uirbeach Chomhtháite a ullmhú le haghaidh an Chaisleáin Nua

Tar éis na míonna beaga anuas de rannpháirtíocht phoiblí, taighde agus anailís, tugadh an dréacht-Straitéis Uirbeach Chomhtháite chun críche. Beidh an Dréacht ar oscailt le haghaidh comhairliúcháin phoiblí, tuairimí agus aighneachtaí idir Dé Sathairn, an 29 Márta 2025 go dtí Dé Máirt, an 6 Bealtaine 2025, an dá lá sin san áireamh.

Dírítear ar lár bhaile an Chaisleáin Nua agus a athbheochan leis an straitéis seo. An aidhm atá leis ná go ndéanfar an Caisleán Nua ina áit iontach chónaithe do gach aoisghrúpa agus gach aicme den phobal, áit iontach le bheith ag obair, le gnó a reáchtáil agus le cuairt a thabhairt air.

Tá deis labhartha agat

Tugaimid cuireadh duit do chuid smaointe ar an straitéis a chomhroinnt. Tá roghanna agus deiseanna éagsúla ann chun é sin a dhéanamh.

Is féidir an doiciméad a fheiceáil AR LÍNE trí chuairt a thabhairt ar ár leathanach comhairliúcháin MyPoint; Dréacht-Straitéis Uirbeach Chomhtháite le haghaidh an Chaisleáin Nua | Tairseach Ar Líne Chomhairle Cathrach & Contae Luimnigh um Chomhairliúchán, Shuirbhéanna agus Fhoirmeacha Iarratais

Tá cóipeanna clóite den Dréacht-Straitéis Uirbeach Chomhtháite le haghaidh an Chaisleáin Nua ar taispeáint go poiblí freisin le linn gnáthuaireanta oifige ó Dé Sathairn, an 29 Márta 2025 go dtí Dé Máirt, an 6 Bealtaine 2025, an dá lá sin san áireamh, ag na láithreacha seo a leanas:

  • Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Ceanncheathrú Chorparáideach, Cé na gCeannaithe, Luimneach;
  • Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Halla an Chontae, Bóthar Thuar an Daill, Luimneach;
  • Oifig Cheantar Bardasach an Chaisleáin Nua, Áras William Smith O’Brien, An Gort Buí, An Caisleán Nua, Co. Luimnigh;
  • An leabharlann phoiblí sa Chaisleán Nua.

Is féidir aighneachtaí nó tuairimí ar an Dréacht-Straitéis Uirbeach Chomhtháite a chur isteach idir Dé Sathairn an 29 Márta 2025 go dtí Dé Máirt an 6 Bealtaine 2025, an dá lá sin san áireamh, trí na modhanna seo a leanas:

Ar líne trí MyPoint a úsáid: Dréacht-Straitéis Uirbeach Chomhtháite le haghaidh an Chaisleáin Nua | Tairseach Ar Líne Chomhairle Cathrach & Contae Luimnigh um Chomhairliúchán, Shuirbhéanna agus Fhoirmeacha Iarratais

TRÍ RÍOMHPHOST: towncentrefirst@limerick.ie

I scríbhinn chuig: Tús Áite do Lár an Bhaile, Forbairt Tuaithe, Stiúrthóireacht Forbartha Tuaithe, Cultúir, Pobail agus Turasóireachta, Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Cé na gCeannaithe, Luimneach, V94 EH90.

Comhairliúchán a dhéanamh i láthair go pearsanta

Tugann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh cuireadh don phobal bualadh isteach chuig imeachtaí oscailte gan coinne. Beidh siad sin ar siúl sa Chaisleán Nua ar na dátaí agus na láithreacha seo a leanas:

  • Déardaoin, an 10 Aibreán 2025 ó 5pm go 8pm in Oifig Cheantar Bardasach an Chaisleáin Nua;
  • Dé Máirt, an 15 Aibreán 2025 ó 2pm go 5pm in Oifig Cheantar Bardasach an Chaisleáin Nua;
  • Dé hAoine, an 25 Aibreán 2025 ó 12pm go 4pm i gCearnóg an Chaisleáin Nua.

Nuashonruithe is déanaí

Nuashonraithe go deireanach: An 2 Aibreán 2025

Déan do smaointe agus do thuairimí ar an Dréacht-Straitéis Uirbeach Chomhtháite a chomhroinnt anseo;

Ar ais go barr

THRIVE Logos

Download the latest documents

This service is provided by

Urban and Rural Community Development

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Merchant's Quay, Limerick V94 EH90