Comórtas Pride of Place 2023

Tá trí ghrúpa as Luimneach roghnaithe ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh le bheith san iomaíocht i gComórtas Mórtas Ceantair na bliana seo: CareBright, Tionscadail Phobal Chill Íde agus MOL Chnoc Theas.

Cuireadh isteach sna catagóirí seo a leanas iad:

  • Tionscnamh Folláine Pobail - CareBright
  • Daonra <500 – Tionscadail Phobal Chill Íde
  • Comharsanachtaí Uirbeacha/ Sráidbhailte <3000 – MOL Chnoc Theas

Chuir na trí ghrúpa fáilte mhór roimh na moltóirí Terry O’Niadh agus Declan Nelson ag lá speisialta féile, lá ar a gcuirtear obair an ghrúpa agus an tionchar a bhíonn aici ar an bpobal os comhair phainéal na moltóirí cuartaíochta. Tharla an mholtóireacht ar an 30 agus 31 Lúnasa.

CareBright

Pride of Place judging at Carebright Bruff, Co. Limerick. Photo: Keith Wiseman

Tógadh sráidbhaile CareBright i gcroílár an Bhrú in Oirthear Luimnigh. Tá an baile suite cois na Camhaoire le daonra de 803. Is é seo an chéad mhúnla dá leithéid in Éirinn.

Glacann an 'tsamhail teaghlaigh' le cur chuige duinelárnach, coinníonn gach duine an oiread neamhspleáchais ar a f(h)olláine agus is féidir. Tá trí bhungaló ag pobal CareBright, ina bhfuil sé spás phríobháideacha maireachtála i ngach ceann acu agus líon foirne ag gach spás de réir riachtanais na gcónaitheoirí sa teach sin.

Amach ó ghairdín céadfach le suíocháin lasmuigh tá tearmann ainmhithe, le siúlóidí i stíl an bhóithrín do chónaitheoirí. Tá 18 nduine ann a bhfuil néaltrú orthu. Tá caifé, seomra céadfach, spá, agus salón gruagaireachta agus seomra ealaíon ag an Mol Pobail. Is cuid lárnach dár bpobal é an Club Sóisialta Yarn.

Freastalaíonn baill CareBright ar an gClub Sóisialta, áit a mbuaileann siad le baill eile den phobal thart orthu (ga 15 km) a bhfuil nealtrú orthu freisin.

Pride of Place judging at Carebright Bruff, Co. Limerick. Picture: Keith Wiseman

Dúirt Colette Ryan, CareBright "Bhí áthas an domhain orainn Carebright a thaispeáint do na moltóirí, deis iontach a bhí ann maidir leis an bpobal agus na saorálaithe a thabhairt le chéile chun ár múnla cúraim uathúil sa Bhrú a thaispeáint"

Tionscadail Phobal Chill Íde

Pride of Place judging at Killeedy, Co. Limerick. Picture: Keith Wiseman

Is paróiste beag tuaithe é Cill Íde, áit dhúchais Naomh Íde, atá neadaithe ag bun Mhullach an Radhairc, na sléibhte iontacha atá mar theorainn idir Iarthar Luimnigh agus Tuaisceart Chorcaí.

Tá dhá shráidbhaile ann, Ráithíneach agus Áth na bhFuinseog, suite ag dhá cheann an pharóiste le Páirc Fiontraíochta Cheann Tóchair sa lár. Pobal an-bhríomhar is ea é, tá fiche comhlacht deonach éagsúil ann agus oibríonn siad ar fad le chéile chun timpeallacht chomhbhách a chruthú ina gcuirtear sláinte, folláine agus stíl mhaireachtála ardchaighdeáin chun cinn.

Tar éis na céime ar gcúl i 2005 nuair a dúnadh Comharchumann Cheann Tóchair agus nuair a cailleadh os cionn 350 post, bunaíodh Grúpa Forbartha Cheann Tóchair agus, le cabhair ó go leor comhlachtaí stáit agus ionchur áitiúil, tá 14 chomhlacht nua lonnaithe i bPáirc Fiontraíochta Cheann Tóchair anois le breis is 200 duine fostaithe acu.

Rinneadh athchóiriú ar shean-Teach Tábhairne Áth na bhFuinseog agus osclaíodh Éiceapháirc Chill Íde, áis lasmuigh 13 acra ina bhfuil bogach Tógtha Comhtháite, in 2020

Pride of Place judging at Killeedy, Co. Limerick. Picture: Keith Wiseman

Dúirt Jack O’Connor, Tionscadail Phobail Chill Íde "Ba lá iontach é an lá deireanach de mhí Lúnasa 2023 maidir le ceiliúradh a dhéanamh ar na seacht n-eagraíocht is fiche ar fad i gCill Íde nuair a tháinig Declan agus Terry, moltóirí Mórtais Ceantair, chuig ár bpobal beag chun an clár athnuachana tuaithe a fheiceáil a thosaigh ann le dúnadh Kantoher in 2005.

Bhailigh muintir na sráidbhailte Áth na bhFuinseog agus Ráithíní le chéile le gnóthais na Páirce Gnó Rafar in Kantoher chun cur i láthair a dhéanamh do Mhórtas Ceantair ar an gcaoi a gcuireann obair chrua, obair dheonach le chéile le tacaíocht ó gníomhaireachtaí Stáit agus neart dea-mhéin agus dearfachta le pobal mar seo."

MOL Chnoc Theas

Pride of Place judging at Southill Hub, Limerick. Photo: Keith Wiseman

Is ionad pobail é MOL Chnoc Theas ar an taobh ó dheas de Chathair Luimnigh i bPáirc Uí Mháille i gcroílár Chnoc Theas atá ag seachadadh cláir agus seirbhísí freagrúla ó 2008. Cuireann an tIonad roinnt seirbhísí ar fáil go háitiúil; caifé pobail, halla spóirt, spás oifige agus seomraí cruinnithe.

Oibríonn foireann na hoibre don ógra le daoine óga agus iad cláir óige á soláthar aici a chuireann spás sábháilte ar fáil do dhaoine óga chun rochtain a fháil ar dheiseanna oideachais, áineasa agus sóisialta. Oibríonn an MOL le daoine óga chun a gcuid riachtanas, scileanna agus buanna a aithint agus spás a chur ar fáil ina spreagtar, ina gcothaítear agus ina bhforbraítear na riachtanais, na scileanna agus na buanna sin. 

Bhí an MOL ar thús cadhnaíochta freisin i roinnt tionscnamh lena n-áirítear soláthar oibrí LADTAIÉ+, Tionscnamh Spriocdhírithe Tacaíochta um Infhostaitheacht Óige (TSTIÓ) agus Oibrí Tacaíochta Teaghlaigh atá leabaithe anois sa tsamhail seachadta seirbhíse.

Pride of Place judging at Southill Hub, Limerick. Photo: Keith Wiseman

Dúirt Siobhan O’Leary, Mol Southill "Bhí ár moltóireacht de chuid Mórtais Ceantair ar siúl ar an 30 Lúnasa anseo i Mol Southill - a leithéid de lá! Rinne pobal Southill a míle dícheall - bhí amhránaíocht, péinteáil sárlaochra, caife, cáca agus biongó teaghlaigh ann. Go raibh míle maith agat do phobal Southill as cabhrú linne Mol Southill a thaispeáint do na moltóirí ar an lá."

Cuirtear Gradaim Mórtais Ceantair 2023 ag Comhlachtaí Poiblí na hÉireann (IPB) i láthair in éineacht le Comhoibriú Éireann.

Tá an 21ú ceiliúradh den chomórtas ar siúl i mbliana, comórtas uile-oileáin a reáchtáiltear i gcomhar le húdaráis áitiúla Thuaidh agus Theas.

Tá sé mar aidhm ag an gcomórtas an méid a dhéanann pobail don tsochaí a aithint agus a cheiliúradh chomh maith le feasacht, meas agus cuimsiú a spreagadh do gach gné den tsochaí.

Is é cuspóir an chomórtais seo an obair a mbíonn á ndéanamh ag pobail ar fud oileán na hÉireann a aithint, ag aithint iarrachtaí na ndaoine áitiúla chun bród cathartha a chruthú agus a bpobail a dhéanamh mar áit iontach le cónaí ann.

Tá an comórtas dírithe ar dhaoine a thagann le chéile chun saolta na ndaoine ina bpobail a athrú agus a fheabhsú.

Fógrófar buaiteoirí 2023 ag searmanas bronnta ar an 10 Samhain 2023 arna óstáil ag Comhairle Buirge Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon in Óstán Chathair Ard Mhacha.

This service is provided by

Rural, Community and Culture Directorate

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Merchant's Quay, Limerick V94 EH90