Plean Ceantair Áitiúil Mainistir na Féile

Fógra Maidir Le Dréacht-Phlean Ceantair Áitiúil a Ullmhú Do Mhainistir Na Féile.

De bhun Alt 20 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) tugtar fógra leis seo gur ullmhaigh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Údarás Pleanála an cheantair, Dréachtphlean Ceantair Áitiúil (DCÁ) do Mhainistir na Féile.

Cuimsíonn Dréachtphlean Ceantair Áitiúil Mhainistir na Féile 2023 - 2029 ráiteas scríofa agus léarscáileanna agus tá iad seo a leanas ag gabháil leis:

  • Tuarascáil Timpeallachta um Measúnú Straitéiseach Comhshaoil;
  • Tuarascáil Tionchair Natura;
  • Measúnú Straitéiseach ar Riosca Tuilte.

 Is féidir iniúcadh a dhéanamh ar chóip de na doiciméid seo idir an 15 Aibreán 2023 agus an 29 Bealtaine 2023, an dá lá san áireamh, agus seachas Laethanta Saoire Bainc, ag na hionaid seo a leanas:

  • Ceanncheathrú Chorparáideach, Cé na gCeannaithe, Luimneach;
  • Halla an Chontae, Tuar an Daill, Luimneach;
  • Áras William Smith O’Brien, An Caisleán Nua Thiar, Co. Luimnigh;
  • Na leabharlanna poiblí sa Chaisleán Nua Thiar agus  i Mainistir na Féile, agus;
  • www.limerick.ie/council.

 Ócáid Faisnéise Poiblí:
Cuirtear fáilte roimh éinne den phobal agus roimh ghrúpaí sainleasa freastal ar ócáid buail isteach na faisnéise phoiblí ar Déardaoin an 27 Aibreán 2023, idir 3in agus 7in sa WorkBase (Iar-Bhanc Provincial), An Phríomhshráid, Mainistir na Féile, Co. Luimnigh.

Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (MST):
Agus an Treoir MST (2001/42/CE) agus na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004 go 2011 á gcomhlíonadh, ullmhaíodh an Tuarascáil Timpeallachta a ghabhann leis an Dréachtphlean seo.

Measúnú Cuí:
I gcomhréir le riachtanais Airteagal 6 de Threoir an AE maidir le Gnáthóga 92/43/CEE, ullmhaíodh an Ráiteas Tionchair Natura a ghabhann leis an Dréachtphlean seo.

Aighneachtaí/Tuairimí:
Is féidir aighneachtaí/tuairimí a dhéanamh maidir le Dréachtphlean Ceantair Áitiúil Mhainistir na Féile agus na Tuarascálacha Comhshaoil lena bhaineann ón 15 Aibreán 2023 go dtí an 29 Bealtaine 2023, an dá lá san áireamh.

Is féidir aighneachtaí/tuairimí a dhéanamh mar a leanas:

Déan do chuid aighneachta trí mheán amháin, sé sin, i gcóip chrua, ar líne nó trí rPhost.

Luafaidh aon aighneacht nó tuairim agat d’ainm agus, más cuí, an chomhlacht nó an eagraíocht a bhfuil ionadaíocht á déanamh agat uirthi. Is féidir le leanaí nó le grúpaí nó cumainn a dhéanann ionadaíocht ar leasanna leanaí aighneacht nó tuairimí a dhéanamh ar an Dréachtphlean Ceantair Áitiúil.

Déanfaidh an Chomhairle gach aighneacht nó tuairim a dhéanfar faoi 5in Dé Luain an 29 Bealtaine 2023 maidir le Dréachtphlean Ceantar Áitiúil Mhainistir na Féile 2023 - 2029 agus na tuarascálacha comhshaoil lena bhaineann a chur san áireamh sula ndéanfar an Plean Ceantair Áitiúil a chríochnú.

Foilseofar gach aighneacht a fhaigheann an tÚdarás Pleanála ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh laistigh de 10 lá oibre tar éis á bhfáil, in éineacht le d’ainm de réir an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú). Ná cuir faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair eile ar bith san áireamh leis an aighneacht.

Tabhair faoi deara go bhfuil tú ag glacadh le beartas RGCS na Comhairle  nuair a chuireann tú do chuid shonraí teagmhála ar fáil. 

Má tá aon cheist agat maidir lena leithéid thuas, déan teagmháil le Pleanáil Chun Cinn ag (061) 556508 nó trí forwardplanning@limerick.ie

Vincent Murray,
Stiúrthóir na Seirbhísí,
An Stiúrthóireacht um Fhorbairt Eacnamaíoch agus um Fhiontair

This service is provided by

Forward Planning

Phone +353 61 556000