Eolas Fúinn

Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh is ea an t-údarás freagrach as rialtas áitiúil i gCathair agus Contae Luimnigh in Éirinn.

Tháinig sé in oibriúchán ar an 1ú Mheithimh 2014 i ndiaidh toghchán áitiúla 2014.

Is cumasc é le Comhairle Cathrach Luimnigh agus Comhairle Contae Luimnigh faoi réir forálacha Achta Athchóirithe ar an Rialtas Áitiúil 2014.


Riarachán

Tá riarachán cathrach agus contae faoi cheannas Príomhfheidhmeannaigh, Dr. Pat Daly. Tá ceanncheathrú corparáideacha bunaithe i gCé na gCeannaithe, Luimneach.

Tá 1,192 ball foirne ag an eagraíocht i mí Feabhra 2015.


Méara

Is é an Comhairleoir Francis Foley Méara Chathair agus Chontae Luimnigh.

Toghadh é sa phost ag cruinniú bliantúil Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh an 7 Iúil 2022.

Chun teagmháil a dhéanamh le Méara Chathair agus Chontae Luimnigh seol ríomhphost chuig mayor@limerick.ie.


Toghcheantair agus Comhairleoirí

Roimh an gcumasc, bhí ocht dtoghcheantar agus 45 comhairleoir ag an dá Chomhairle.

Anois tá sé thoghcheantar ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh (trí chinn i ndúiche uirbeach Luimnigh) agus tá an dá cheann eile in Áth Dara-Ráth Caola, An Caisleán Nua agus An Cheapach Mhór-Cill Mocheallóg agus 40 comhairleoir mar a leanas:

Cathair Luimnigh Thuaidh
Daonra: 28,604
Comhairleoirí: 7

Cathair Luimnigh Thiar
Daonra: 33,289
Comhairleoirí: 7

Cathair Luimnigh Thoir
Daonra: 40,268
Comhairleoirí: 7

Áth Dara/Ráth Caola
Daonra: 27,755
Comhairleoirí: 6

An Caisleán Nua
Daonra: 27,357
Comhairleoirí: 6

An Cheapach Mhór/Cill Mocheallóg
Daonra: 34,536
Comhairleoirí: 7


Ceantar Geografach agus Saoránaigh

Clúdaíonn Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh limistéar 2755 sq.km agus soláthraíonn sé raon leathan seirbhísí do os cionn 191,000 duine - Cathair Luimnigh: 57,106 agus Contae Luimnigh: 134,703.


Fís agus Aidhmeanna Straitéiseacha na hEagraíochta

Fís na hEagraíochta

  • Go mbeidh Luimneach mar shuíomh inmhianach d’fhorbairt ghnó, saibhreas cultúrtha agus deis oideachais
  • Aitheanta as a rannpháirtíocht ionchuimsitheach gach saoránaigh i bhforbairt a bpobail
  • Go mbeidh Luimneach agus meániarthair na tíre san iomaíocht le ceannphointí Eorpacha eile i dtéarmaí gnó, turasóireachta, cónaithe agus infheistíochta
  • go bhfaighfidh muintir Luimnigh tacaíocht ag struchtúr an rialtais áitiúil atá gairmiúil, inrochtana, onnghníomhach lárnach le seirbhís phoiblí níos leithne.

Aidhmeanna Straitéiseacha na hEagraíochta

  • Samhail nua do rialachas agus seachadadh seirbhíse áitiúil
  • Timpeallacht d’fhorbairt eacnamaíoch agus cruthaíocht phoist
  • Cumhacht a thabhairt don saoránach chun páirt a ghlacadh i bhforbairt a bpobail, tuaithe agus uirbeach araon