Ghlac Comhaltaí Tofa Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh Plean Forbartha Luimnigh 2022-2028 Ag Cruinniú Speisialta an 17 Meitheamh 2022 agus tháinig sé i bhfeidhm an 29 Iúil 2022.
- Athrú Uimhir a trí
- Athrú Uimhir a hAon
- Athrú Uimhir a Dó
- Plean Forbartha Luimnigh 2022-2028 (mar a hathraíodh)
Athrú Uimhir a trí
An Tacht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 (Arna Leasú) Fógra um Athrú Uimh.3 a Dhéanamh ar Phlean Forbartha Luimnigh, 2022-2028 (Arna Athrú).
Tugtar Fógra leis Seo, de bhun Alt 58(18) (a) den Acht thuasluaite, gur chinn Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, arb í an tÚdarás Pleanála do Luimneach í, ag a Cruinniú Iomlánach Comhairle an 28 Meán Fómhair 2026, Athrú Uimh. 3 ar Phlean Forbartha Luimnigh, 2022–2028 (arna athrú) a dhéanamh. Beidh feidhm leis an Athrú láithreach.
Le hAthrú Uimh. 3 éascaítear soláthar tithíochta faoi dhlús agus cinntítear leis comhsheasmhacht le hathruithe a rinneadh le déanaí ar an mbeartas náisiúnta pleanála, agus ar bhealach sonrach, an Chéad Athbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Pleanála agus na Treoirlínte Aireachta ábhartha faoi Alt 28.
Beidh Plean Forbartha Luimnigh, 2022–2028, lena n-ionchorpraítear Athrú Uimh. 3, agus na doiciméid ghaolmhara, ar fáil lena n-iniúchadh ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, www.limerick.ie/council, agus féadfar iad a scrúdú freisin in oifigí Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag Cé na gCeannaithe agus i dTuar an Daill tráth nach déanaí ná an 30 Deireadh Fómhair 2026.
Tá na doiciméid a bhaineann le hAthrú Uimh. 3 ar fáil lena gceannach freisin ón Rannóg Réamhphleanála – an Stiúrthóireacht um Pleanáil, Oidhreacht agus Corn Ryder, Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Cé na gCeannaithe, Luimneach.
Mar a cheanglaítear le Rialachán 12, “Faisnéis faoin gcinneadh”, de Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil Úsáide Talún – Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta), 2025, beidh ráiteas, “an Ráiteas maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST)”, ar fáil in éineacht leis an Athrú freisin, ina ndéanfar achoimre ar na nithe seo a leanas:
(a) an chaoi ar comhtháthaíodh breithnithe comhshaoil san Athrú;
(b) an chaoi ar cuireadh san áireamh, le linn ullmhú an Athraithe, an Tuarascáil Chomhshaoil MST a ullmhaíodh don Leasú; agus na haighneachtaí agus na tuairimí a cuireadh faoi bhráid na Comhairle le linn an chomhairliúcháin phoiblí maidir leis an Athrú Beartaithe, na hAthruithe Ábhartha Beartaithe ar an Athrú Beartaithe agus na doiciméid ghaolmhara uile;
(c) na cúiseanna ar roghnaíodh an tAthrú, mar a glacadh é, i bhfianaise na roghanna réasúnacha eile ar déileáladh leo; agus
(d) na bearta ar cinneadh orthu chun faireachán a dhéanamh ar na héifeachtaí suntasacha comhshaoil a bhaineann le curchun feidhme an phlean, arna athrú.
Fógra Cinnidh i leith Measúnacht Chuí ar Athrú Uimh. 3 ar Phlean Forbartha Luimnigh, 2022 – 2028 (arna athrú).
Ar bhonn scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí (MC), chinn an Chomhairle, de bhun Alt 202 de Chuid 6 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024, arna leasú, agus chun críocha Airteagal 6(3) den Treoir Eorpach maidir le Gnáthóga, arna leasú, gur féidir a chur as an áireamh, ar bhonn faisnéis oibiachtúil, go mbeadh aon dóchúlacht ann go mbeadh aon éifeacht shuntasach ag Athrú Uimh. 3 ar Phlean Forbartha Luimnigh, 2022–2028 (arna athrú), ina aonar nó i gcomhar le pleananna agus tionscadail eile, ar aon láithreán Eorpach. Dá bhrí sin, ní raibh gá le Measúnacht Chuí Chéim 2 i leith an Athraithe. Bhí an Cinneadh maidir le Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí bunaithe ar Thuarascáil Scagtha le haghaidh Measúnacht Chuí. Tugtar mionsonraí sa dá dhoiciméad maidir leis na cúiseanna leis an gcinneadh agus tá siad ag gabháil leis an Athrú mar a rinneadh é, ar www.limerick.ie agus in oifigí na Comhairle.
Stephane Duclot
Stiúrthóir Seirbhísí – Pleanáil, Oidhreacht agus Corn Ryder
Athrú Uimhir a hAon
Ghlachaigh na Baill Tofa Athrú Uimhir a hAon ar Phlean Forbartha Luimnigh 2022-2028 ar an 22 lá Bealtaine 2023, atá cuimsithe as leasú Beartais TR P11 Sabháilteacht Bóthair agus Cumas Iompair Líonra Bóthair neamh-náisiúnach agus Cuspóir TR O37 Úsáid Talúin agus Caighdeánaithe Rochtana.
Athrú Uimhir a Dó
Ghlachaigh na Baill Tofa Athrú Uimhir a Dó ar Phlean Forbartha Luimnigh 2022-2028 (mar a hathraíodh) ar an 30 lá Márta 2026 lena n-áirítear leasú ar Chuspóir TR O37 maidir le rochtain ar bhóithre faoi bhun chaighdeán
Tá nasc chuig Plean Forbartha Luimnigh 2022-2028 (mar a hathraíodh) agus Tuarascálacha comhshaoil gaolmhara ar fáil thíos.