Scrúdaíonn Measúnóirí Suímh suíomhanna chun a chinneadh an bhfuil siad oiriúnach do chóras cóireála fuíolluisce tí nó dabhach shéarachais, agus cén cineál córais is cuí.
Coinníonn Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh liosta le measúnóirí suímh a bhfuil a leanas acu:
- Teastas Dearbhaithe Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann, nó FETAC i Measúnú ar Oiriúnacht Suímh do na córais cóireála fuíolluisce ar an suíomh
- Árachas sláinaithe gharimiúil, ar luach €1,000,000.00, suas chun dáta le bheith in ord, agus go dtugtar fianaise den chéanna do Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
- Cloí le cód iompair ghairmiúil Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Tá an liosta seo ar oscailt d’aon duine a chloíonn leis na critéir sin agus ar mian leo a bheith curtha ann.
Féach liosta measúnóirí suímh sna cáipéisí tacaíochta ag deireadh an leathanaigh seo.
D’fhéadfadh go bhfuair iarratasóirí pleanála measúnú ar a suíomh ag daoine difriúla uathu sin atá sa liosta, ach deirtear leo gur fearr dóibh deimhniú go bhfuil cáilíocht agus árachas cuí ag a measúnóir suímh.
Clárúchán Córais Cóireála Fuíolluisce Baile (DWWTS) lena n-áirítear Dabhcha Shéarachais
De réir Achta Seirbhísí Uisce (Leasú) 2012, ní mór d’údaráis seirbhísí uisce taifead a choinneáil ar na córais cóireála fuíolluisce sa bhaile ina limistéir feidhme. D’fhorbair Gníomhaireacht Bhainistíochta an Rialtais Áitiúil (LGMA) córas clárúchán lárnach ar líne agus tabharfaidh sé bainistíocht ar an gcóras ar bhonn seirbhíse roinnte d’údaráis seirbhíse uisce.
Faoi réir an Achta, iarrtar ar úinéirí córais cóireála fuíolluisce sa bhaile a chinntiú go bhfuil a gcórais ar an taifead. Cabhróidh do chúnamh chun uiscí talaimh agus dromchla na hÉireann a chosaint.
Ba chóir gach córais cóireála fuíolluisce sa bhaile (DWWTS) lena n-áirítear dabhcha shéarachais a chlárú go dtí 1ú Feabhra 2013. Ba chóir do gach córais cóireála fuíolluisce sa bhaile (DWWTS) lena n-áirítear dabhcha shéarachais suiteáilte i ndiaidh 1ú Feabhra 2013 clárú laistigh 90 lá ó nascadh an áitribh leis an gcóras cóireála fuíolluisce sa bhaile.
Conas Clárú?
Is féidir foirmeacha clárúcháin a íoslódáil ó shuíomh Cosain Ár nUisce, cliceáil anseo.
Táille clárúcháin: €50
Is féidir foirmeacha clárúcháin a fháil freisin ó Sheirbhísí do Chustaiméirí.
Seirbhísí do Chustaiméirí
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Fón: +353 61 556000
Is féidir le úinéirí tí clárú i gceann de na bealaí a leanas:
- Clárú agus íocadh ar líne, cliceáil anseo.
- Clárú agus íocadh trí Phost, ach d’iarratas a sheoladh chuig:
Cosain Ár nUisce
PO Box 12204
Baile Átha Cliath 7
Le do thoil NÁ seol airgead trí phost.
Ba chóir Seiceanna, Dréacht Bainc nó Orduithe Poist a dhéanamh le Cosain ár nUisce, Bosca PO 12204, Baile Átha Cliath 7.
Is féidir sonraí an chárta dochair/creidmheasa a chur isteach ar an gcuid ábhartha den fhoirm.
- Seoltar foirm comhlíonta agus táille chuig oifig airgid i d’údarás áitiúil.
Le haghaidh ceisteanna coitianta ar an táille thuas, cliceáil anseo.