Tionscadal na Ríochta Poiblí Cheathrú an Mhargaidh agus Shráid an Chrúisigh

Tá cuid den mhaoiniú de €11.65 milliún leithdháilte do Thionscadal Uasghrádaithe Ríocht Phoiblí Cheathrú an Mhargaidh agus Shráid an Chrúisigh tríd an gCiste Forbartha Athghiniúna Uirbí (CFAU) chun an uaillmhian fhadtéarmach agus an sprioc straitéiseach a bhaint amach maidir le hinfheistíocht, áitíocht, forbairt agus fás eacnamaíoch a mhéadú i gCeathrú an Mhargaidh trí ríocht phoiblí ardchaighdeáin a sholáthar a thacaíonn le hoibríochtaí Mhargadh an Bhainne agus gnólachtaí áitiúla eile.

  • Created Image of Market Quarter & Cruises Street Public Realm Upgrades

Tá suíomh an tionscadail suite go straitéiseach le bheith ina lárphointe don chathair, ag baint leasa as tionscadail ar nós Cearnóg an Opera, Creatlach Ché Artúir, Uasghrádaithe Shráid Uí Chonaill, agus Tionscadal Treochomharthaíochta agus Treoshuímh Lár na Cathrach, an scéim Taistil Ghníomhaigh ar Shráid Mhungairit / an tSráid Ard, Athfhorbairt an Mhargaidh Bhainne agus cur i bhfeidhm Mol Bia ag an Margadh Bainne. Ceanglóidh tionscadal Uasghrádaithe Ríocht Phoiblí Cheathrú an Mhargaidh agus Shráid an Chrúisigh na suíomhanna thuas go gníomhach, a chabhróidh le líon na ndaoine a thagann chun na cathrach agus le beocht a mhéadú agus le mothú láidir áite a chur chun cinn i lár na cathrach ina iomláine.

Áireofar leis na hoibreacha atá beartaithe:

  • Laghdú ar leithead na gcarrbhealaí go dtí 3.1m ar a laghad an ceann agus méadú ina dhiaidh sin ar leithead na gcosán chun tús áite a thabhairt do choisithe thar thrácht feithiclí
  • Tabhairt isteach dromchla comhroinnte, áit a mbeidh na ceantair coisithe agus an carrbhealach ar an leibhéal céanna, ar Shráid Roibeaird, Rae Mhargadh an Arbhair, Sráid Uí Charra, an tSráid Ard agus páirteanna de Shráid na Danmhairge, Sráid Eibhlín, Cúirt Mhungairit agus Sráid Mhungairit
  • Tiontú acomhal i roinnt áiteanna laistigh den teorainn forbartha atá beartaithe go hacomhail ardaithe, a fheidhmeoidh mar bhearta maolú tráchta
  • Deireadh a chur le páirceáil ar an tsráid i suíomhanna áirithe agus athlonnú stadanna tacsaí, bánna lódála agus bánna páirceála inrochtana chuig suíomhanna eile laistigh den teorainn forbartha atá beartaithe chun cosáin agus ceantair coisithe níos leithne, limistéir bhreise trádála neamhfhoirmiúla, ithe lasmuigh agus spásanna breise taitneamhachta a sholáthar
  • Soláthar troscáin sráide lena n-áirítear limistéir suí, crainn, plandáil, seastáin rothair, mullaird, boscaí bruscair, soilsiú poiblí agus comharthaíocht
  • Fóntais lasnairde a athlonnú faoi thalamh chun an tsráid a ghlanadh
  • Soláthar comharthaíochta léirmhínitheacha agus pábhála chun stair agus oidhreacht thógtha an cheantair a léiriú

Áirítear leis na sráideanna atá beartaithe le hathfhorbairt:

Lána Cúil Sráid Eibhlín Bheag Sráid Mhichíl
Market Alley Sráid Eibhlín An tSráid Ard
Cúirt Mhungairit Sráid Mhungairit Rae Mhargadh an Arbhair
Sráid Uí Charra Sráid Roibeaird Sráid na Danmhairge Uachtarach
Sráid na Danmhairge Sráid an tSéipéil & Sráid an Chrúisigh Rae Todd

I mí Iúil 2025, bhreithnigh agus cheadaigh Comhaltaí Tofa Cheantar Cathrach Chathair Luimnigh an t-iarratas Cuid 8 don tionscadal tar éis rannpháirtíocht dhomhain le páirtithe leasmhara agus próiseas comhairliúcháin phoiblí. Tá an tionscadal á chur ar aghaidh anois go dtí céim an deartha mhionsonraithe agus táthar ag súil go dtosóidh an tógáil i ráithe 3 de 2026.

This service is provided by

Rural, Community and Culture Directorate

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Merchant's Quay, Limerick V94 EH90