Dramhbhoinn

Cé nach rangaítear dramhbhoinn mar guaiseach, is féidir leo truailliú comhshaoil a chruthú má dhiúscraítear iad go mícheart nó go mífhreagrach. Gintear thart ar 35,000 tona de dhramhbhoinn in Éirinn gach bliain.

Tá an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Denis Naughten, TD, tar éis na Rialacháin nua um Bainistiú Dramhaíola (Boinn agus Dramhbhoinn) 2017 a shíniú, a thug isteach struchtúir nua rialála don earnáil bhoinn ón 1 Deireadh Fómhair 2017 i leith.

Thug na rialacháin nua isteach scéim chomhlíonta iomlán don earnáil bhoinn arna oibriú ag Circol ELT le ról clárúcháin agus tuairiscithe don Chlár Táirgeoirí Teoranta (PRL). Tá an scéim bunaithe ar an tsamhail Freagracht Táirgeora a d’oibrigh go rathúil sa tír seo le haghaidh sruthanna dramhaíola eile, cosúil le pacáistiú, cadhnraí agus dramhthrealamh leictreacha, leictreonacha (WEEE).

Tá na struchtúir nua maoinithe ag Costas Bainistíochta Comhshaoil infheicthe (vEMC) de €2.80 in aghaidh gach bonn cairr (+23% CBL) - Iomlán €3.45 agus €1.50 in aghaidh gach bonn gluaisrothair (+23% CBL) - Iomlán €1.85.

Tabharfar isteach tuilleadh vEMC in am trátha le haghaidh boinn trucaile, tógála agus talmhaíochta.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Dramhbhoinn, cliceáil anseo.

Chun liosta de na cuideachtaí atá in ann dramhbhoinn a bhailiú go dleathach, cliceáil anseo

Má tá aon cheist agat maidir leis an liosta seo, déan teagmháil le do thoil le:

Circol ELT
Fón: 01 4618600
Ríomhphost: info@circolelt.ie
Le haghaidh CCanna Circol ELT, cliceáil anseo.

Mar mhalarit ar sin, seol ríomhphost chuig tyres@limerick.ie chun tuilleadh eolais a fháil.