Cuireadh deireadh le dó fásra talmhaíochta ar 30/11/23. Níl cead ag feirmeoirí/úinéirí talún fásra talmhaíochta a dhó a thuilleadh.
Ní féidir a thuilleadh iarratais a dhéanamh.
Le haghaidh roghanna eile seachas dó, féach ar na bileoga thíos.
Tá sé mídhleathach dramhaíl a dhó agus is cion é faoin reachtaíocht seo a leanas: An tAcht um Bainistiú Dramhaíola, 1996 (arna leasú), An tAcht um Thruailliú Aeir, 1987 agus na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Dhiúscairt Dramhaíola Trí Dhó a Chosc), 2009.
Ionchúiseamh - gearrtar fíneálacha troma suas le €5,000 ar chiontú.
Déan gach gníomhaíocht amhrasach nó neamhdhleathach a thuairisciú dos na Gardaí ar an toirt. D’fhéadfadh fíneálacha, príosúnacht agus pionóis Aoníocaíochta Feirme a ghearradh ar úinéirí talún a fuarthas ag dó go mídhleathach, nuair is infheidhme.