Meicneoir is Feisteoir - An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais - 26 Márta 2026

Is í Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh an tÚdarás atá freagrach as Rialtas Áitiúil i gCathair agus i gContae Luimnigh. Tá an phríomh-cheanncheathrú chorparáideach suite ag Cé na gCeannaithe i gCathair Luimnigh. Tá Méara ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a thoghtar go díreach, mar aon le 40 comhalta tofa agus thart ar 1500 ball foirne.

Tá ról suntasach ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ó thaobh an fhís straitéiseach don Chathair agus don Chontae a mhúnlú. Cuireann sí raon éagsúil cuimsitheach seirbhísí atá ag forbairt ar fáil do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do chuairteoirí sa chontae lena n-áirítear soláthar tithíochta agus seirbhísí pleanála, forbartha, comhshaoil, iompair, fiontair, fóillíochta agus pobail.

Fáiltíonn Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh roimh iarratais ó dhaoine cuícháilithe ar mian leo a bheith san áireamh ar phainéal don phost Meicneoir is Feisteoir.

Tuarastal
€1,612.20 – €1,853.92 in aghaidh na coicíse.
Saoire bhliantúil
25 Laethanta saoire bliantúla (Aoine an Chéasta san áireamh)
Uaireanta oibre
39 uaireanta sa tseachtain .
Próiseas Iarratais

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais -  26 Marta 2026.

Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh chuig recruitment@limerick.ie. Seol d'iarratas ó sheoladh ríomhphoist a mbíonn tú ag féachaint air go rialta, mar is tríd an seoladh ríomhphoist sin agus trí sin amháin a dhéanfar cumarsáid le linn an phróisis mheasúnaithe/roghnaithe. Déan cinnte freisin go gcoinneoidh tú súil ar an bhfillteán dramhphoist/ turscair go rialta mar go bhféadfaidh do sholáthraithe seirbhíse ríomhphoist ríomhphoist a chur chuig an bhfillteán sin in amanna.

Application Form
Briefing Document