BAINISTEOIR CLÁIR
CLÁR AN MHÉARA
Is áit nuálaíochta é Luimneach, agus is é post an Mhéara Dhírthofa ann ar an gcéad cheann dá leithéid in Éirinn. Táimid ag lorg iarratas ó dhaoine cuí-cháilithe do ról an Bhainisteora Cláir.
Is ról spreagúil ardphróifíle agus poiblí é seo, a bheidh ag cuidiú chun todhchaí cheannaireacht uirbeach a mhúnlú trí phleanáil, buiséadú agus maoirseacht chun tionscadail nuálacha a chur i gcrích faoi Chlár Méara Luimnigh.
Tá réamheolaire iomlán agus foirm iarratais ar fáil ar
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná Dé Luain an 15 Meitheamh 2026.
Is Fostóir Comhdheiseanna í Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh.
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná Dé Luain an 15 Meitheamh 2026.
Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh chuig recruitment@limerick.ie. Seol d'iarratas ó sheoladh ríomhphoist a mbíonn tú ag féachaint air go rialta, mar is tríd an seoladh ríomhphoist sin agus trí sin amháin a dhéanfar cumarsáid le linn an phróisis mheasúnaithe/roghnaithe. Déan cinnte freisin go gcoinneoidh tú súil ar an bhfillteán dramhphoist/ turscair go rialta mar go bhféadfaidh do sholáthraithe seirbhíse ríomhphoist ríomhphoist a chur chuig an bhfillteán sin in amanna.