Tá sé de chumas ag tionscadail an AE sinn a nascadh tríd ár gcuid oibre, leis na saineolaithe idirnáisiúnta is fearr ar domhan, saineolaithe a bhfuil rath orthu i réiteach fadhbanna, agus a bhfuil réitigh nuálacha acu is féidir linn a úsáid chun saol na ndaoine i Luimneach a fheabhsú.
Táimid nasctha le 35 cathair eile ar fud na hEorpa faoi láthair trí Horizon 2020, Interreg an Fhorimill Thuaidh agus Artach, Interreg Limistéar an Atlantaigh agus URBACT.