Clár na gClubanna Glasa

Tá bunús ag Clár na gClubanna Glasa i gClár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.

gov.ie - Sustainable Development Goals

Is clubanna spóirt iad Clubanna Glasa a fheabhsaíonn inbhuanaitheacht a gclub, lena n-áirítear an chaoi a ndéantar bainistiú ar thailte an chlub agus an chaoi a dtugtar faoi ghníomhaíochtaí. Tá an Clár bunaithe na téamaí seo a leanas

  • Fuinneamh
  • Uisce
  • Dramhaíl/Bruscar
  • An Bhithéagsúlacht
  • Iompar agus Taisteal.

Cuireann clubanna atá rannpháirteach Foirne Glasa i dtoll a chéile, ar féidir leo tabhairt faoi iniúchtaí sa chlub agus páirt a ghlacadh i gcomhpháirtíochtaí agus tionscadail inbhuanaitheachta laistigh dá bpobal e.g. le grúpaí Scoileanna/Bailte Slachtmhara agus grúpaí pobail eile.

Tá tacaíocht ar fáil i gcruth tacar ag na naisc thíos agus tá tacaíocht ar fáil chomh maith ón Rannóg Comhshaoil agus Gníomhaithe ar son na hAeráide de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.