Dúnadh láithreán líonta talún Ghort an Droma i 2014. Áfach, tá ionad dramhaíola agus athchúrsála i bhfeidhm ag láithreán Líonta Talún Ghort an Droma.
Beidh Ionad Dramhaíola agus Athchúrsála Gortadroma dúnta don phobal Dé Luain, 27 Aibreán agus Dé Máirt, 28 Aibreán.
Atosclóidh Ionad Dramhaíola agus Athchúrsála Gortadroma Dé Céadaoin, 29 Aibreán.
Ionad Drámhaíola agus Athcúrsála Ghort an Droma Uaireanta Oscailte
- Ar oscailt Dé Máirt agus Dé Céadaoin gach seachtain, 9:00r.n. go 3:00i.n.
- Dúnta le haghaidh am lóin ó 1:00i.n. go 1:30i.n.
Cineálacha Dramhaíola a nGlactar leo
- Dramhaíl Mála Duibhe (Dramhaíl Tí)
- Dramhaíl Thoirtiúil - Tochtanna, Leapacha, Toilg, Cathaoireacha, Táblaí, Cairpéid, Bréagáin Phlaisteacha, Adhmad Neamhchóireáilte, Drumaí & Coimeádáin Phlaisteacha Folamh
Táillí Diúscartha Dramhaíola
- Íostáille - €24 an carr
- Gach feithicil eile - Íoc de réir meáchain
- €320 in aghaidh an tonna CBL san áireamh @ 13.5%
Tabhair faoi deara le do thoil: Ní ghlacaimid le cártaí creidmheasa nó léasair
Earraí Athchúrsála a nGlactar leo
- Miotail Mheasctha
- Nuachtáin/Irisí
- Cartáin Tetrapack
- Buidéil Plaisteacha
- Cairtchlár
- Buidéil Gloine
- Cannaí Bia agus Cannaí Dí
- Teicstílí
Táillí Athchúrsála: €6 an carr, €15 an carr & leantóir / veain éadrom.
Glactar leis na hábhair seo a leanas ag Gort an Droma freisin:
Dramhaíl Gairdín (Gearrtháin Fáil agus Crainn) - €50 an Tona
Dramhthrealamh Leictreach & Leictreonach Mór (WEEE) i.e. Meaisíní Níocháin, Cócaireáin agus Cuisneoir / Reoiteoirí Amháin) - Saor in Aisce
Sonraí teagmhála
Gort an Droma, Baile Dhá Thuile, Co. Luimnigh
Éirchód V94 XY04
(Thart ar 5 mhíle ó shráidbhaile Seanghualann)
Fón: +353 6982339