Leis an Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2012 (arna leasú), foráiltear go sonrach go bhféadfaidh comhaltaí tofa údaráis áitiúil rún foirmiúil a rith chun bunráta na Cánach Maoine Áitiúla dá limistéar feidhme a athrú de réir céatadáin ar a dtugtar an fachtóir coigeartaithe áitiúil. Ag an gcruinniú atá socraithe ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh chun an t-ábhar seo a bhreithniú, féadfaidh na comhaltaí fachtóir coigeartaithe áitiúil a shocrú laistigh de raon - 15% go +25% den bhunráta nó féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh gan an bunráta a athrú ar chor ar bith.
Tiocfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh le chéile i mí Dheireadh Fómhair 2026 chun breithniú a dhéanamh i dtaobh fachtóir coigeartaithe áitiúil a shocrú.
Fáiltíonn Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh roimh aighneachtaí scríofa ón bpobal ar an ábhar seo ina gclúdófar go sonrach na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann do ghnólachtaí, do dhaoine aonair agus do sheirbhísí údaráis áitiúil dá n-athrófaí an bunráta Cánach Maoine Áitiúla.
Ní mór aighneachtaí a bheith faighte faoin 18 Lúnasa 2026 ar aon cheann de na modhanna seo a leanas
(1) Trí shuirbhé ar líne a chomhlánú ar https://mypoint.limerick.ie/en/surveys
(2) Trí d’aighneacht a chur ar aghaidh ar ríomhphost chuig LPT@limerick.ie
(3) Trí d’aighneacht a chur sa phost chuig:
Comhairliúchán maidir le Cáin Mhaoine Áitiúil
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
An Rannóg Airgeadais
Teach na Bearú
Sráid Mhichíl
Luimneach
Sínithe: John Moran
Méara Luimnigh
13 Iúil 2026