Comórtas Pride of Place 2025

Roghnaigh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh na ceithre ghrúpa a dhéanfaidh ionadaíocht ar Luimneach i gComórtas Mórtas Cine is Ceantair CPÉ na bliana seo.

Is iad:

  • Músaem Bád Aeir Fhainge
  • Mol Áitiúil Ghleann Bruacháin
  • Teampall an Ghleanntáin
  • Cumann Cónaitheoirí Sparr Thuamhan

Is é seo an 23 bliain as a chéile a bhfuil an comórtas á reáchtáil, comórtas a mbíonn an-rath air agus atá ag dul i méid i gcónaí ó thaobh gradaim agus éilimh de.

Is éard is aidhm leis an gcomórtas aitheantas a thabhairt don obair atá á déanamh ag pobail ar fud oileán na hÉireann agus ceiliúradh a dhéanamh uirthi.

Tá an comórtas bunaithe ar mhórtas a bheith á léiriú ag pobail nó ag grúpaí as a n-áit féin. Tá sé tábhachtach freisin go léiríonn siad fíor-chomhpháirtíocht lena gcomhairle áitiúil agus le gníomhaireachtaí stáit agus go léiríonn iad go bhfuil gach earnáil den phobal curtha san áireamh.

Fógrófar buaiteoirí 2025 ag Searmanas Bronnadh Duaiseanna a bheidh ar siúl Dé Sathairn an 7 Samhain 2025 a bheidh á óstáil ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh in Óstán an Strand, Cathair Luimnigh.

Tá an comórtas Uile-Oileáin seo á reáchtáil i gcomhar le Co-operation Ireland, le húdaráis áitiúla, Thuaidh agus Theas, agus tá CPÉ ag tacú leis. Tá sé mar aidhm ag an gcomórtas seo, an cion ríthábhachtach a dhéanann pobail don tsochaí a aithint agus a cheiliúradh chomh maith le feasacht, meas agus cuimsiú a spreagadh le haghaidh gach gné den tsochaí.

Cuireadh na grúpaí seo as Luimneach isteach sna catagóirí éagsúla, mar seo a leanas:

  • Tionscnamh Turasóireachta Pobail - Músaem Bád Aeir Fhainge
  • Tionscnamh Leasa Pobail – Mol Áitiúil Ghleann Bruacháin
  • Daonra 1,000 – 2,000 Teampall an Ghleanntáin
  • Comharsanacht Uirbeach faoi 3000 – Cumann Cónaitheoirí Sparr Thuamhan

Reáchtálann gach grúpa lá speisialta féile, lá a gcuirtear a n-obair agus an tionchar a bhíonn aici ar an bpobal os comhair phainéal na moltóirí atá ar cuairt. Déanfar an mholtóireacht ar an 15 agus 16 Iúil 2025.

John Moran, Méara Luimnigh:

“Is mór an onóir do Luimneach Gradaim Mórtas Cine is Ceantair CPÉ a óstáil i mbliana. Déanann na gradaim seo spiorad an phobail, cumhacht an chomhoibrithe, agus an bród a ghlacann daoine as a gceantair áitiúla a mhúnlú, a cheiliúradh. Tá aitheantas faighte ag Luimneach le fada an lá as a spiorad pobail den scoth, agus ní haon eisceacht í an bhliain seo. Is iomaitheoirí láidre iad ár gceithre ghrúpa ainmnithe—Músaem Bád Aeir Fhainge, Mol Áitiúil Ghleann Bruacháin, Teampall an Ghleanntáin, agus Cumann Áitritheoirí Sparr Thuamhan—agus leagann siad béim arís ar cháil láidir Luimnigh as a cuid éachtaí sa chomórtas mór le rá seo. Léiríonn a ndúthracht agus a nuálaíocht an rud is fearr a bhaineann le Comórtas Mórtas Cine is Ceantair CPÉ.”

Cllr Catherine Slattery, Príomh Comhairleoir, Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh:

“Léiríonn gach ceann de na ceithre ghrúpa roghnaithe i Luimneach an bród atá acu as a n oidhreacht agus a dtimpeallacht áitiúil, agus ag an am céanna taispeánann siad an tionchar cumhachtach a bhíonn ag tionscnaimh a bhíonn faoi stiúir an phobail. Is ardeiseamláirí iad de na rudaí ar féidir a bhaint amach nuair a thagann pobail le chéile a mbíonn fís agus comhbhá acu, agus go léiríonn siad dúthracht.”

Anne Rizzo, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach Gníomhach, Forbairt Pobail, Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh:

“Is comórtas é Mórtas Cine is Ceantair a thugann aitheantas do na hiarrataí agus na hiarrachtaí laethúla a dhéanann pobail ar fud Luimnigh. Tugann sé deis do na pobail áitiúla sin an spiorad uathúil atá ann a thaispeáint. Tá áthas ar Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a bheith páirteach i gcomórtas Mórtas Cine is Ceantair CPÉ arís in 2025, agus táimid ag tnúth leis an ócáid dhuaiseanna náisiúnta a óstáil anseo i Luimneach i mí na Samhna. Is mian liom aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí móra atá déanta ag na ceithre ghrúpa roghnaithe, agus níl aon amhras orm ach go mbeidh Luimneach bródúil astu agus guím gach rath orthu.”

Tá éachtaí bainte amach ag Luimneach arís agus arís eile sa chomórtas, mar bhí an bua ag na grúpaí seo a leanas le blianta anuas;

  • 2024 – Cumann Áitritheoirí Gheata Eoin, Buaiteoir an Chéad Áit sa Chomharsanacht Uirbeach <3000, Ionaid Faoisimh agus Cúraim Dhrom Collachair agus Tithíocht do Dhaoine Scothaosta – Dara hÁit sa chatagóir Aois Oiriúnach agus Gradam Speisialta bronnta ar an gClub Butterfly
  • 2023 – Tionscadail Phobail Chill Íde, Buaiteoir sa Chéad Áit sa Chatagóir Daonra <500 i dteannta le​ MOL an Chnoic Theas, an Tionscadal a tháinig sa Dara hÁit sa Chatagóir um Chomharsanachtaí/Sráidbhailte Uirbeacha <3000
  • 2022 – Ionad Óige an Chinn Thiar, Béal Átha na Cora (Weston), An Buaiteoir sa Chéad Áit sa Tionscnamh Pobalbhunaithe atá á Stiúradh ag an Óige, i dteannta le duaiseanna don Dara hÁit a bhuaigh Ionad Pobail Pharóiste Mhainchín Chill Liaile / Sparr Thuamhan sa Chatagóir Teacht Aniar Pobail agus CLG Chomhairle Pobail Ghleanna Rua/Bhaile Uí Argáin sa chatagóir Daonra Pobail 300 – 1,000
  • 2021 – Draw Out Limerick, An Dara hÁit sa chatagóir um Thionscnamh Áite Cruthaithí agus Comharchumann Loch Goir, An Dara hÁit sa chatagóir um Thionscnamh Turasóireachta Pobail
  • 2020 – Tionscadal Comhtháthaithe Réamh-Shóisialta Ráth Caola, Buaiteoir sa Chéad Áit sa chatagóir daonra 1,000 – 2,000
  • 2019 – Pobalscoil Mhainistir na Féile, an Dara hÁit sa chatagóir daonra 2,500– 5,000
  • 2018 – Buaiteoir sa Dara hÁit, an tIonad Méala don Óige faoin Tionscnamh Communities Reaching Out, i dteannta le duaiseanna sa Dara hÁit ag Iontaobhas Cathartha Luimnigh sa chatagóir um Thionscnamh Áite Cruthaithí agus ag Cill Míde sa chatagóir daonra 0– 300.

Tuilleadh sonraí faoi ghrúpaí na bliana seo:

Músaem Bád Aeir Fhainge

Bunaíodh Músaem Bád Aeir agus Muirí Fhainge trí eisiúint scaireanna agus feachtas bailithe airgid a raibh tacaíocht an phobail aige. Ba í Margaret O’Shaughnessy a bhí ar thús cadhnaíochta san fheachtas agus bhí tacaíocht ar fáil ó oibrithe deonacha.

Ceiliúrann an músaem ról uathúil an bhaile i stair luath na heitlíochta agus na muirí. Lonnaithe i bhfoirgneamh críochfoirt bunaidh Aerfort Fhainge, caomhnaíonn an músaem scéal ré na mbád aeir trasatlantach, lena n-áirítear aireagán an Chaife Ghaelaigh agus ról an bhaile mar mhol ríthábhachtach eitlíochta sna 1930idí-40idí. Tá taispeántais idirghníomhacha ann, macasamhail lánmhéide de Boeing 314 Clipper, agus cuimhneacháin scannáin ón aisteoir Maureen O’Hara, a raibh dlúthcheangal aici leis an gceantar.

Do mhuintir na háite, is mó ná áit spéise do thurasóirí an músaem – is bunchloch chultúrtha é. Cruthaíonn sé bród áitiúil, fostaíocht a bhaineann leis an turasóireacht, agus feidhmíonn sé mar acmhainn oideachais do scoileanna agus do chuairteoirí. Tugann imeachtaí agus taispeántais a reáchtáiltear sa mhúsaem an pobal le chéile, ag cur feasacht oidhreachta chun cinn agus ag neartú féiniúlacht Fhainge mar bhaile a bhfuil stair bhródúil agus shuntasach ar fud an domhain aige.

Mol Áitiúil Ghleann Bruacháin

Gleann Bruacháin, sráidbhaile tuaithe gleoite i Luimneach, suite ag bun Shliabh Riadh. Díreach 3km ón bpríomhbhealach a nascann Cathair Luimnigh agus Baile Mhistéala, Co. Chorcaí, is minic a mholann cuairteoirí an pobal suaimhneach seo mar sheoid atá i bhfolach ar an saol.

Mar sin féin, tá cuid mhór bróin fulaingthe ag an sráidbhaile dlúth seo ina bhfuil 430 áitritheoir. Tá créachta doimhne fágtha ag bás roinnt daoine ó Ghleann Bruacháin agus ó na pobail in aice láimhe de bharr an fhéinmharaithe, básanna a bhfuil brón agus ceisteanna gan aon fhreagra mar thoradh orthu. Ba chúis spreagtha an tréimhse mhachnaimh seo, iarracht dhíograiseach a dhéanamh chun meabhairshláinte agus folláine a chothú sa phobal.

Tháinig fís inspioráideach chun cinn, ón áit seo a bhí faoi scamall an bhróin: cruthú mol pobail atá dírithe ar naisc shóisialta agus tacaíocht a fheabhsú. Tá cuspóir an tionscadail soiléir

  • Spás fáilteach inar féidir le muintir na háite teacht le chéile, cupán tae nó caife a ól, agus comhráite a roinnt a bhunú.
  • Seirbhísí breise a chur ar fáil atá dírithe ar mheabhairshláinte agus folláine dhearfach a chur chun cinn, ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin an aonraithe thuaithe agus shóisialta i nGleann Bruacháin agus sna ceantair mháguaird.

Teampall an Ghleanntáin

Cialaíonn “Teampall an Ghleanntáin,” “séipéal an ghleanna bhig,” agus tá sé mar shéadchomhartha lárnach i dTeampall an Ghleanntáin, taobh le Halla Inse Bhán. Tá pobal spóirt bríomhar sa cheantar, clubanna gníomhacha CLG, Camógaíochta agus Sacair, agus tá traidisiún domhain de chultúr na hÉireann á chothú ann freisin, go háirithe i réimse an damhsa agus an cheoil traidisiúnta. Mar chuid de réigiún Shliabh Luachra, tá ról lárnach ag an bparóiste i gcaomhnú agus i gceiliúradh na hoidhreachta ceoil seo.

Tá oscailt Bhealach Glas Luimnigh tar éis cur go mór leis an tsráidbhaile, ag mealladh cuairteoirí agus ag soláthar spáis luachmhair do fholláine áitiúil. Tá líonra láidir oibrithe deonacha ag Teampall an Ghleanntáin a chomhoibríonn le clubanna agus eagraíochtaí éagsúla, ag tiomáint tionscadal pobail ar aghaidh. Le blianta beaga anuas, tá iarrachtaí dírithe ar áiseanna a uasghrádú; bithéagsúlacht a fheabhsú; ag méadú cuimsithe sóisialta agus éagsúlachta cultúrtha, tar éis dóibh dul i gcomhar leis an bpobal Suícigh chun foraois naofa a phlandáil le déanaí. Faoi láthair, tá an tionscnamh is uaillmhianaí go dtí seo ar siúl, mol soghluaisteachta, páirc imeartha uile-aimsire, agus spás áineasa nádúrtha a fhorbairt.

See More

Want to Submit a Listing?

Limerick.ie is sharing the story of Limerick. If you have an event, amenity (attraction, service, community group, or business) or a good news story about Limerick city or your town in County Limerick, you can now submit the details.

Submit Content
Treaty Stone Limerick. Photo Piotr Machowczyk