Is tionscadal é An Scéim um Thaisteal Gníomhach Bhóthar na hInse atá á chur ar fáil ag Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh. Tá sé á mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair.
Tá sé beartaithe ag an Scéim Bóthar na hInse a nascadh le Droichead an tSáirséalaigh trí shaoráid tiomnaithe do rothaithe agus do choisithe.
Meastar gur ‘Príomhbhealach Gathach’ í an Scéim i Straitéis Iompair Mórcheantar Uirbeach Luimneach Sionainn, a chuir an NTA le chéile in éineacht le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Comhairle Contae an Chláir, agus Bonneagar Iompair Éireann, i gcomhpháirt le Iarnród Éireann.
Faoi láthair, tá an scéim ag céim roghnaithe Forbartha Coincheapa agus Roghanna (Céim 2 as 7 i dTreoirlínte an NTA maidir le Tionscadail a Fhormheas).