Cabhraíonn an Scéim Tithíochta Inacmhainne le daoine ar ioncam measartha tithe nua a cheannach ar phraghsanna laghdaithe. Tríd an scéim tithíocht inacmhainne, tógfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh gnáthscair faoin gcéad (sciar den úinéireacht) an tí.
Tá fáilte roimh Ceannaitheoirí Céaduaire agus Iarratasoírí Túis Úir amháin.
Tá sé dírithe ar theaghlaigh nach bhfuil acmhainn acu teach ar a luach ar an margadh oscailte ag baint úsáid as a n-éarlais chomhcheangailte agus a n-uasmhorgáiste ceadaithe.
- Conas a shocraítear praghas ceannaigh inacmhainne na dtithe?
- Conas a fhios agam má táim incháilithe?
- Conas a dhéanaim iarratas?
- Cad í an Scéim Cothromais Roinnte Ceannaigh Tí Inacmhainne?
- Iarratas a Dhéanamh ar Scéim Tithe Inacmhainne
- Manor Ghort na Coille, An Caisleán Nua Thiar, Co. Luimnigh
- Plás an Chaisleáin, An Caisleán Nua Thiar, Co. Luimnigh
- Sonraí Teagmháil
Conas a shocraítear praghas ceannaigh inacmhainne na dtithe?
Ríomhfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh praghas ceannaigh inacmhainne bunaithe ar an “chumhacht ceannaigh” na n-iarratsóirí incháilithe. Cuireann an ríomh seo san áireamh acmhainn mhorgáiste uasta agus airgead taisce iarratasóra incháilithe, agus an t-íosphraghas a shocraíonn an Chomhairle don teach.
Léiríonn an tábla thíos sampla d’ioncam éagsúil iarratsóirí agus conas a shocraíonn said an praghas ceannaigh inacmhainne agus gnáthscaire na Comhairle de thithe inacmhainne le luach margaidh de €300,000.
Is féidir a fheiceáil dá airde ioncam iarratasóra, is ea is mó a ranníocfaidh said leis an bpraghas agus dá laghad gnáthscaire a ghlacfaidh an Chomhairle. Oibreoidh an Chomhairle é seo amach duit mar beidh difríocht idir praghas gach tí.
| Ioncam | Cothromas | Méid Cothromais | Cumas Morgáiste Caighdeánach | Éarlais | Íocann an Ceannaitheoir |
|---|---|---|---|---|---|
| €64,125 | 5.00% | €15,000 | €256,500 | €28,500 | €285,000 |
| €64,000 | 5.19% | €15,556 | €256,000 | €28,444 | €284,444 |
| €63,000 | 6.67% | €20,000 | €252,000 | €28,000 | €280,000 |
| €62,000 | 8.15% | €24,444 | €248,000 | €27,556 | €275,556 |
| €61,000 | 9.63% | €28,889 | €244,000 | €27,111 | €271,111 |
| €60,000 | 11.11% | €33,333 | €240,000 | €26,667 | €266,667 |
| €59,000 | 12.59% | €37,778 | €236,000 | €26,222 | €262,222 |
| €58,000 | 14.07% | €42,222 | €232,000 | €25,778 | €257,778 |
| €57,000 | 15.56% | €46,667 | €228,000 | €25,333 | €253,333 |
Conas a fhios agam má táim incháilithe?
Chun a bheith incháilithe do scéim tithe inacmhainne, go ginearálta, ní mór duit na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
-
Níor cheart go mbeadh úinéireacht agat ar theach a cheannaigh tú nó a thóg tú chun cónaí ann roimhe seo. Tá eisceachtaí i bhfeidhm maidir le hIarratsóir Túis Úir.
-
Caithfidh an ceart a bheith ag gach duine atá san iarratais chun a bheith ina gcónaí go deo sa Stát.
-
Ba cheart go bhfuil d’ioncam faoi leibhéal áirithe. Ríomhtar é seo trí d’ioncam comhlán teaghlaigh a iolrú faoi 4. Tugtar do “chumhacht ceannaigh” ar bhfigiúr seo agus caithfidh sé a bheith níos lú ná 85.5% de luach margaidh an tí inacmhainne. Mar shampla, maidir le teach inacmhainne le luach margaidh de €300,000, ríomhfaí an t-uasioncam comhlán teaghlaigh atá incháilithe chun iarratais a dhéanamh ar an detach inacmhainne mar seo a leanas:
Luach Margaidh €300,000 85.5% de Luach Margaidh €256,500 Iolraith faoi 4 €64,125 (Teorainn ollioncam teaghlaigh uasta) Chun eolas ar ioncam inmheasúnaithe a fháil, féach ar Polasaí Measúnaithe Ioncaim ar Shocruithe Tí Ceannaigh Inacmhainne
-
Ní féidir níos mó coigilteas carntha a bheith agat ná an t-airgead a theastaíonn chun éarlais an tí agus €30,000 breise a chlúdach. Cuirtear rud ar bith os cionn seo le do chumhacht ceannaigh. Níl tú incháilithe don scéim má sháraíonn do chumhacht ceannaigh agus do choigilteas “breise” 95% de luach margaidh an tí inacmhainne.
-
Tá tú in ann iarratas a dhéanamh ar mhorgáiste (beidh ort do chumas tarrraingt anuas morgáiste a uasmhéadú).
Cé nach bhfuil sé ina riachtanas, moltar go láidir go mbeadh Faomhadh Morgáiste i bPrionsabal agat roimh iarratas a dhéanamh chun teach inacmhainne a cheannach, nó ar a laghad a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar mhorgáiste.
Nó
Mura bhfuil tú in ann morgáiste a fháil, tá tú in ann iarratais a dhéanamh ar Iasacht Tí Údaráis Áitiúil.
-
Go bhfuil go leor coigiltis agat chun an éarlais íosta de 10% de phraghas ceannaigh an ti inacmhainne a chlúdach.
Is féidir le hiarratasóirí Ceannaitheoirí Céaduaire leas a bhaint as an Scéim Cabhair le Cheannach a fheidhmíonn na Coimisinéirí Ioncaim chun cabhrú leo lena n-éarlais.
Chomh maith leis na critéir incháilitheachta thuas, tá feidhm ag Scéim Tosaíochta do Shocruithe Ceannaigh Teaghaise Inacmhainne. Imlíníonn sé an próiseas a chuirtear i bhfeidhm nuair a sháraíonn líon na n-iarratasóirí incháilithe líon na dtithe inacmhainne atá ar fáil le ceannach sa Scéim Tithíochta Inacmhainne.
Maidir le 70% de na tithe, tabharfar tosaíocht ar an mbonn seo a leanas maidir leis an gcineál tí a mheastar a fhreastalaíonn go cuí ar riachtanais chóiríochta an teaghlaigh:
| Cineál Áitribh | Freastalaíonn sé ar riachtanais áitribh: |
|---|---|
| Áitreabh Ceithre-sheomra leapa | Teaghlaigh de 3 nó níos mó |
| Áitreabh Trí-sheomra leapa | Teaghlaigh de 2 nó níos mó |
Agus ansin tús freastail ar an gceann is túisce.
Maidir leis an 30% eile de na háitribh, tabharfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh tosaíocht mar seo a leans:
| Cineál Áitribh | Freastalaíonn sé ar riachtanais áitribh: |
|---|---|
| Áitreabh Ceithre-sheomra leapa | Teaghlaigh de 3 nó níos mó |
| Áitreabh Trí-sheomra leapa | Teaghlaigh de 2 nó níos mó |
Agus a bheith ansin, nó tar éis a bheith ina c(h)ónaí, i limistéar riaracháin Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ar feadh íostréimhse 3 bliana, agus ansin tús freastail ar an gceann is túisce.
Conas a dhéanaim iarratas?
Beidh iarratas aonair ann do gach scéim tithíochta inacmhainne. Níl aon fhoirm iarratais rollach nó liosta feithimh ann.
Nuair a chuirtear tithe inacmhainne ar fáil le ceannach, fógrófar iad sna háiteanna seo a leanas:
- Suíomh gréasáin Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
- Leathanaigh Meáin Shóisialta Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus
- I nuachtáin áitiúl/náisiúnta
Áireofar san fhógra sonraí faoin scéim lena n-áirítear conas agus cén uair ba cheart iarratas a dhéanamh. Glacfar le hiarratais trí thairseach iarratais ar líne. Ar an lá a osclaíonn an tairseach iarratais, is féidir leat leanúint ar aghaidh leis an bhfoirm iarratais ar líne a chomhlánú agus na doiciméid iarrtha a uaslódáil.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go dtabharfar tosaíocht d’iarratais ar bhonn túis freastail ar an gceann is túisce.
Molaimid go láidir go mbeadh faomhadh morgáiste i bprionsabal agat.
Beidh nasc chuig an tairseach iarratais chomh maith le liosta de na doiciméid riachtanacha ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh nuair a bheidh scéim tithíochta inacmhainne ar fáil agus a bheidh oscailte d’iarratais.
Déanfar measúnú ar d’iarratas, agus cinnfear an gcáilíonn tú chun teach inacmhainne a cheannach nó nach bhfuil. Nuair a bheidh measúnú déanta ar gach iarratas agus incháilitheacht a chinneadh, rachaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i dteagmháil le gach iarratasóir chun a chur in iúl cé acu ar éirigh leo agus an mbeidh tairiscint á fháil acu nó nach mbeidh, ag brath ar líon na réadmhaoine atá ar fáil.
Scéimeanna Tithíochta Inacmhainne ar oscailt faoi láthair d’iarratais:
Cad í an Scéim Cothromais Roinnte Ceannaigh Tí Inacmhainne?
Mar pháirt den Socrú Ceannaigh Teaghaise Inacmhainne, coinneoidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh “Cothromas Roinnte” i do theach inacmhainne.
Is ionann an Cothromas Roinnte, a léirítear mar chéatadán de luach an tí, agus an difríocht idir an praghas ceannaigh agus an luach margaidh oscailte.
Mar shampla, má cheannaíonn tú teach inacmhainne agus go bhfuil an praghas a íocann tú ar an teach 15% níos lú ná luach an tí inacmhainne ar an margadh oscailte, glacfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.
Is féidir an cothromas roinnte a fhuascailte nó a bheith “láncheannaithe” ag am is rogha leat, ach níl aon dualgas ort é sin a dhéanamh. Má roghnaíonn tú gan an cothromas roinnte a fhuascailte agus tú i do chónaí sa teach, féadfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh é sin a dhéanamh nuair a dhíoltar, a aistrítear an réadmhaoin, tar éis do bháis, nó tar éis tréimhse 40 bliain.
Iarratas a Dhéanamh ar Scéim Tithe Inacmhainne
Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag dul ar aghaidh faoi láthair le soláthar tithíochta inacmhainne ar fud cathrach agus chontae Luimnigh.
Móinéir an Bhaile Nua, An Caisleán Ruairí, Luimneach
Osclófar an Scéim Tithíochta Inacmhainne ag Móinéir an Bhaile Nua, An Caisleán Ruairí, Luimneach Céim 2 d’iarratais ó 12:00 meán lae Dé hAoine 13 Feabhra 2026 go dtí 12:00 meán lae Dé hAoine 13 Márta 2026.
Cliceáil anseo chun iarratas a chur isteach.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim Tithíochta Inacmhainne seo, féach Bróisiúr Chéim 2 Scéim Tithíochta Inacmhainne Mhóinéir an Bhaile Nua anseo.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar chritéir incháilitheachta agus ar an bpróiseas iarratais, féach Critéir Incháilitheachta Chéim 2 Scéim Tithíochta Inacmhainne
Mhóinéir an Bhaile Nua agus Ceisteanna Coitianta anseo.
Plás an Chaisleáin, An Caisleán Nua Thiar, Co. Luimnigh
Osclófar an Scéim Tithíochta Inacmhainne ag Plás an Chaisleáin, An Caisleán Nua Thiar, Co. Luimnigh d’iarratais ó 12:00 meán lae Dé hAoine 19 Nollaig 2025 go dtí 12:00 meán lae Dé hAoine 27 Feabhra 2026.
Cliceáil anseo chun iarratas a chur isteach.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim Tithíochta Inacmhainne seo, féach Bróisiúr Chéim 2 Scéim Tithíochta Inacmhainne Phlás an Chaisleáin anseo.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar chritéir incháilitheachta agus ar an bpróiseas iarratais, féach Critéir Incháilitheachta Scéim Tithíochta Inacmhainne Phlás an Chaisleáin agus Ceisteanna Coitianta anseo.
Seol d’ainm chuig affordable@limerick.ie más mian leat d’ainm agus do sheoladh ríomhphoist a bheith san áireamh i gClár Leasa do Thithíocht Inacmhainne. Nuair a bheidh do chuid sonraí curtha isteach, cuirfear in iúl duit, trí ríomhphost, aon Scéimeanna Tithíochta Inacmhainne nua a luaithe a sheolfar iad.
Sonraí Teagmháil do Thithíocht Inacmhainne
Is féidir aon cheisteanna ar thithíocht inacmhainne a sheoladh chuig affordable@limerick.ie