Is as Luimneach mé agus déanaim ionadaíocht ar Thoghcheantar Chathair Luimnigh Thoir sa Cheantar Cathrach. Toghadh ar Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh mé den chéad uair i 2019.
Níor chuir an fhíric nár tháinig mé ó theaghlach polaitiúil bac orm dul isteach sa pholaitíocht nuair a rith mé den chéad uair i 2014. Níor toghadh mé, agus ba bheannacht é sin, mar níorbh é an t-am ceart domsa. Tháinig mo lá i 2019 nuair a toghadh mé mar ionadaí do Chathair Luimnigh Thoir agus táim buíoch as ionadaíocht a dhéanamh do mhuintir mo phobail. Is rud speisialta é an deis a bheith agat freastail ar riachtanais do phobail agus bíonn dea-thoradh ar an obair chrua.
Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh éagsúlacht ar ár gComhairle, déantar cinntí níos fearr nuair a bhíonn cothromaíocht ag an mbord. Léiríonn staidéar gur dóichí go mbeidh toradh níos fearr agus níos cothroime ann nuair a bhíonn baint ag mná leis an bpróiseas cinnteoireachta. Ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar an gcothromaíocht chun a chinntiú go méadóimid rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht.
“All politics is local" - seo ceann de na cúiseanna a ndeachaigh mé isteach sa pholaitíocht. Mar chomhairleoirí, is muidne na daoine is gaire do na toghthóirí agus do ghuthanna ár bpobail. I mo thuairimse, tá sé seo tábhachtach mar roimh dom rith don toghchán, bhí baint agam le mo phobal ar feadh na mblianta le clubanna óige, eagraíochtaí spóirt, Team Limerick Clean Up agus grúpaí deonacha eile. Tá baint mhór agam fós le clubanna spóirt, sacar na mban agus ag tacú le heagraíochtaí deonacha inár bpobail.