Clr Olivia O’Sullivan

Is as Luimneach mé agus déanaim ionadaíocht ar Thoghcheantar Chathair Luimnigh Thuaidh sa Cheantar Cathrach. Toghadh ar Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh mé den chéad uair i 2019.

Limerick Women's Caucus - Cllr Olivia O'Sullivan (Pic Don Moloney)

Bhí mé nua sa pholaitíocht nuair a toghadh mé. Bhí mé spreagtha chun rith mar ní raibh aon duine ón gceantar ag Cathair Dháibhín i dtéarma na Comhairle roimhe sin, agus ba chosúil go ndearnadh dearmad orainn nuair nach raibh aon ghuth againn ag an mbord.

Bhí baint agam cheana féin le tionscnaimh éagsúla cultúir, turasóireachta agus bia áitiúla do Luimneach trí mo chuid oibre agus obair dheonach, rud a d’fhéadfainn cur leis an ról, agus mar sin chuaigh mé sa seans agus chuir mé m’ainm chun cinn.

Chomh maith leis sin is máthair páistí óga mé - rud a chuirim leis an ról freisin, agus atá cabhrach agus mé ag déanamh cinntí do thodhchaí Luimnigh. I ndeireadh na dála, is do Luimneach ár bpáistí, Luimneach na todhchaí, na cinntí a dhéanaimid.

Tá cothromaíocht níos fearr idir mná agus fir de dhíth ag gach bord a dhéanann cinntí ar son Luimnigh, agus cinntí a théann i bhfeidhm ar ghnáthshaol laethúil mhuintir Luimnigh. Chun é seo a bhaint amach, tá gá againn le níos mó ban a bheith páirteach, a bhfiúntas a thuiscint, agus iad féin a chur chun cinn don toghchán.