Is as Luimneach mé agus déanaim ionadaíocht ar Thoghlimistéar Chathair Luimnigh Thoir sa Cheantar Cathrach. Toghadh ar Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh mé den chéad uair i 2019.
Ba é an chúis a chuaigh mé isteach sa pholaitíocht ná gur mhothaigh mé go raibh mo phobal áitiúil faoi ghannionadaíocht. Teastaíonn guth ó dhaoine agus ó phobail áitiúla ionas go gcloisfear iad.
Tá sé an-tábhachtach domsa cabhrú le daoine agus le clubanna áitiúla, agus is dóigh liom gur gá ionadaíocht a bheith ag daoine sna pobail seo ag leibhéal an rialtais áitiúil. Tá grúpaí áitiúla agus clubanna spóirt mar chroílár an phobail áitiúil agus ní mór do na grúpaí seo a mhothú go gcuireann a n-ionadaithe áitiúla a dtuairimí faoi bhráid na Comhairle.
Tá mná sa pholaitíocht an-tábhachtach - tá an chothromaíocht sin ag teastáil uainn agus is dóigh liom go bhfuil sin á baint amach agam do mhuintir Chathair Luimnigh Thoir.