Suirbhé: Tionchar Covid-19 ar an Earnáil Ealaíon agus Cultúir i Luimneach

Tá suirbhé déanta ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh chun tionchar Covid-19 ar earnáil na n-ealaíon agus an chultúir i Luimneach a mheas. Is é cuspóir an tsuirbhé ná na dúshláin a chainníochtú agus na deiseanna a d’eascair as an bpaindéim a mheas agus tuiscint a fháil ar an inbhuanaitheacht a bheidh ann d’earnáil na n-ealaíon agus an chultúir sna blianta amach romhainn.

Tá an suirbhé dúnta anois le haghaidh aighneachtaí.

Tá Fochoiste SPC nua ag Luimneach ar Thionchar Covid-19 ar an Earnáil Ealaíon agus Cultúir; chun tionchar COVID-19 ar an earnáil i Luimneach a mheas agus chun moltaí a dhéanamh don CPS ar Bheartas, chun aghaidh a thabhairt ar thacú le téarnamh na hearnála, sa dá nó trí bliana atá le teacht.

Tacóidh torthaí an tsuirbhé le hobair an Fhochoiste Cultúir agus Ealaíon agus beidh siad mar bhonn eolais do cheapadh beartais agus téarnamh na hearnála á mheas.

Tá an suirbhé dúnta anois le haghaidh aighneachtaí agus tá na torthaí á dtiomsú. Eiseofar tuarascáil go luath.

This service is provided by

Arts Office

Phone +353 61 556370
Location
Limerick City and County Council Headquarters, Merchants Quay, Limerick, V94 EH90