Scéim Cosanta Tuile Chathair agus Phurláin Luimnigh

Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh mar an tÚdarás Ceannais, i gcomhpháirtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí (OOP) ag dul ar aghaidh le Scéim Cosanta Tuilte Chathair agus Phurláin Luimnigh.

Tá sé molta ag Oifig na nOibreacha Poiblí go bhforbrófaí Scéim Cosanta Tuilte do Chathair Luimnigh agus a Purláin mar thoradh ar an obair a tugadh chun críche i Staidéar Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca Tuilte Abhantrach na Sionainne (SMBRGTD).

Is iomaí uair a tharla tuilte troma i gCathair Luimnigh san am a chuaigh thart. Rinneadh damáiste de luach na milliún euro mar gheall ar thuilte roimhe seo i gCathair Luimnigh. Is iad foinsí abhann (sruth/abhainn) agus cósta araon is cúis le tuilte i Luimneach. Tarlaíonn tuilte abhann nuair a sháraíonn bruacha abhann a mbruacha agus nuair nach mbíonn an cumas ag na córais draenála atá ann faoi láthair déileáil leis an forsceitheadh uisce stoirme. Tá tuilte cósta ina fhachtóir a chuireann leis freisin, bhí tionchar mór ag gaotha láidre in éineacht le taoidí arda ar thuilte sa cheantar.

Tá an Scéim Cosanta Tuilte seo mar chuid den Chiste Náisiúnta €1bn a d’fhógair an Rialtas do Scéimeanna Cosanta Tuilte ar fud na tíre i mí Bealtaine 2018.

Choimisiúnaigh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh RPS i mBealtaine 2021, chun Scéim Cosanta Tuilte a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm do Chathair Luimnigh agus a Phurláin. Is é cuspóir na scéime an baol ó thuilte do Phobal Chathair Luimnigh agus an cheantair máguaird a mhaolú trí scéim a sholáthar atá inghlactha go teicniúil, go sóisialta, go comhshaoil ​​agus go heacnamaíoch.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Scéim Cosanta Tuilte Chathair Luimnigh agus a Phurláin cliceáil anseo.