Chun nochtadh do luaidhe in uisce óil a laghdú, agus i gcomhréir le straitéis náisiúnta an Rialtais chun nochtadh do luaidhe in uisce óil a laghdú, tugadh isteach an Scéim Deontais Feabhsúcháin Luaidhe Tí. Tugadh an scéim isteach chun cabhrú le teaghlaigh na costais a bhaineann le píobánra luaidhe nó feistis ghaolmhara atá suite laistigh den chóras dáileacháin inmheánach atá nasctha le soláthar uisce tí a fhreastalaíonn ar theach a athsholáthar.
Foráiltear le halt 2 den Acht um Sheirbhísí Uisce 2007, arna leasú, go gciallaíonn “córas dáileacháin inmheánach” an chuid sin de chóras dáileacháin, laistigh de chúirtealáiste áitribh, a úsáidtear chun uisce a sholáthar lena ól ag an duine nó chun bia nó deochanna a tháirgeadh.
Tá raon feidhme an deontais agus na sainmhínithe ábhartha mar atá sonraithe i Rialacháin na dTithe (Deontas Feabhsúcháin Luaidhe Intíre) 2022 (I.R. Uimh. 519 de 2022), a thiocfaidh i bhfeidhm an. 1st Nollaig 2022.
Fiosrúcháin agus Iarratais
Tá foirmeacha éilimh ar fáil thíos. Is féidir foirmeacha éilimh comhlánaithe agus cáipéisí tacaíochta a sheoladh chuig:
Seribhísí Uisce,
Comhairle Contae agus Cathrach Luimnigh,
Tuar an Daill,
Luimneach.
Nó chuig: ruralwater@limerick.ie.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Rannóg na Seirbhísí Uisce:
Ríomhphost: ruralwater@limerick.ie
Fón: 061 556326