Gradam Bliantúil Filíochta Michael Hartnett

Léiríonn an duais bhliantúil seo an méid a chuir Michael Hartnett le litríocht an Bhéarla agus na Gaeilge. I 2025, bronnfar an Gradam ar fhile a scríobhann as Gaeilge.

Tá Gradam Bliantúil Filíochta Michael Hartnett oscailte anois d’iarratais.

  • Michael Hartnett Statue

Tá an Gradam Filíochta Bliantúil i gCuimhne ar Mhícheál Ó hAirtnéide atá á maoiniú ag Comhairle Cathrach agus Chontae Luimnigh i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon chun obair litríochta Mhíchíl Ó hAirtnéide i nGaeilge agus i mBéarla a aithint. Cuirfidh An Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Chontae Cathrach Luimnigh duaischiste €8,000 ar fáil, agus is Comhairle Cathrach agus Chontae Luimnigh a bheidh á riaradh. Bronnfar an gradam ar an bhfile bunaithe ar an dara leabhar nó leabhar ina dhiaidh sin a bhí foilsithe sna 2 bliana díreach caite, 2023 – 2024.

Bronntar Gradam Mhíchíl Uí Airtnéide gach re bliain ar leabhair fhilíochta i nGaeilge agus i mBéarla. I 2025, bronnfar an Gradam ar fhile a scríobhann as Gaeilge. Is iad Ailbhe Ní Ghearbhaigh agus Louis de Paor na moltóirí sa bhliain 2025.

Is é 27 Meitheamh 2025 an spriocdháta do iarratais.

Bronnfar Gradam Mhíchíl Uí Airtnéide ar an bhfile buach oíche oscailte Éigse Mhíchíl Uí Airtnéide ar an Déardaoin 2 Deireadh Fómhair 2025 sa Chaisleán Nua Thiar, Co. Luimnigh.

This service is provided by

Arts Office

Phone +353 61 556370
Location
Limerick City and County Council Headquarters, Merchants Quay, Limerick, V94 EH90