Clár Léitheoireachta Réaltaí an tSamhraidh

Is clár spreagúil léitheoireachta é Réaltaí an tSamhraidh atá ar fáil saor in aisce do gach leanbh ar fud na tíre.

  • Summer Stars 47 810x456

Beidh Eachtra Léitheoireachta Réaltaí an tSamhraidh ar siúl i rith an tsamhraidh i leabharlanna poiblí ar fud na hÉireann. Tugtar cuireadh do pháistí clárú don eachtra agus taitneamh a bhaint as go leor leabhar a léamh mar chuid den eachtra le linn an ama seo. Tabharfar Cárta Léitheoireachta Réaltaí an tSamhraidh do gach rannpháirtí chun a ndul chun cinn féin a thaifeadadh agus a rianú. Beidh duaiseanna agus dreasachtaí ar an mbealach agus teastas agus bonn gnóthachtála ag an deireadh do gach rannpháirtí.

Tugtar cuireadh do gach duine seiceáil ar shuíomh Gréasáin Réaltaí an tSamhraidh a bhfuil go leor cluichí agus gníomhaíochtaí ar líne ann chomh maith le raon ríomhleabhair bheoite. Gheobhaidh tú clár díospóireachta leabhar leanaí agus agallaimh le daoine aitheanta faoina gcuid leabhar is fearr leo. Tá leideanna cabhracha ann freisin maidir le léamh agus teidil mholta de réir aoisghrúpa do leanaí le léamh. Is féidir na leabhair a fháil ar iasacht ansin ó do sheirbhís leabharlainne áitiúil. Agus tá sé ar fad saor in aisce!

Is féidir leat Réaltaí an tSamhraidh a leanúint ar Twitter @LibrariesIre agus ar Facebook @LibrariesIreland.

Le bheith i do Réalta Samhraidh, cláraigh i do leabharlann áitiúil an samhradh seo.

Cliceáil anseo chun do leabharlann áitiúil a aimsiú.

This service is provided by

Libraries, Gallery and Museum

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council Headquarters, Merchants Quay, Limerick, V94 EH90