Tháinig an Liosta Luachála le haghaidh réadmhaoine a bhí mar ábhar don Athluacháil ar limistéar údaráis rátála Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i bhfeidhm chun críocha rátaí ar 1 Eanáir 2015.
Athluacháil
Is éard is "Athluacháil" ann liosta luachála cothrom le dáta de mhaoin neamhthí a tháirgeadh, chun críocha Rátaí Tráchtála, laistigh de limistéar údaráis áitiúil, faoi threoir luachanna cíosa maoine ag dáta luachála sonraithe.
Tagann sé seo as luacháil nua a rinne an Oifig Luachála ar gach maoin ábhartha i limistéar údaráis rátála ar leith. Tá na forálacha dlí a rialaíonn é seo leagtha amach i gCuid 5 den Acht Luachála 2001.
Go bunúsach, cuirtear tús leis an bpróiseas le próiseas comhairliúcháin reachtúil a dhéanann an Coimisinéir Luachála leis an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus leis na húdaráis rátála ábhartha.
Ar chríochnú an phróisis chomhairliúcháin, féadfaidh an Coimisinéir ordú reachtúil a dhéanamh, ar a dtugtar “ordú luachála” maidir leis an Athluacháil a dhéanamh. Sonraítear leis an ordú seo an dáta faoina gcinnfear luach gach maoine iomchuí i limistéar an údaráis rátúcháin áirithe. Mar thoradh ar an bpróiseas foilsítear liosta ina bhfuil luachálacha na réadmhaoine go léir air - Cliceáil anseo chun an Liosta Luachála a fheiceáil.