Alt 32 Dearbhú

Oibleagáid Dhlíthiúil ar Úinéirí Réadmhaoine faoi Rátaí Tráchtála.

Dualgas nua ar úinéirí fógra a thabhairt don údarás áitiúil maidir le hathrú ar áitiú maoine inrátaithe.

Alt 32 Dearbhú

Forálann an tAcht um Athchóiriú an Rialtais Áitiúil, 2014 do raon leathan athchóirithe ar fheidhmeanna, struchtúir agus maoiniú na n-údarás áitiúil, lena n-áirítear roinnt athruithe maidir le rátaí tráchtála.

Cuireann Alt 32 dualgas nua i bhfeidhm ar úinéirí réadmhaoine le rátáil tráchtála ó 1 Iúil 2014.

Ní mór d’úinéirí réadmhaoine inrátaithe an tÚdarás Áitiúil a chur ar an eolas i scríbhinn faoi na hathruithe seo a leanas ar a réadmhaoin atá ar ráta tráchtála:

  •  Athrú tionónta
  •  Díol maoine
  •  Má tá an mhaoin folamh


Ní mór fógra scríofa maidir leis an méid thuas a chur faoi bhráid an Údaráis Áitiúil taobh istigh de 14 lá tar éis don aistriú/athrú ar chúinsí tarlú.

Is oibleagáid dhlíthiúil é ‘Dearbhú Alt 32’ ó úinéir na maoine inrátaithe a chomhlánú agus a chur isteach chuig Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh, sna cúinsí thuas.

Loiceadh An Ceanglas a Chomhlíonadh

Mura gcomhlíonfar leis, gearrfar pionóis ar úinéir na maoine inrátaithe arb ionann iad agus luach 2 bhliain ar a mhéad na rátaí.

Déantar muirear ar an réadmhaoin de na rátaí neamhíoctha atá dlite ag an úinéir agus na pionóis a chuirtear i bhfeidhm faoi Alt 32.

Ní mór don Úinéir a chinntiú mar sin go bhfuil gach ráta neamhíoctha atá dlite acu, nó an tionónta atá ag fágáil, scaoilte chuig Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh sula n-aistrítear an réadmhaoin.

Eolas teagmhála

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:

Roinn na Rátaí
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Tuar an Daill
Luimneach

Ríomhphost: rates@limerick.ie

Is féidir téacs iomlán an Achta um Athchóiriú an Rialtais Áitiúil 2014 a rochtain ag www.oireachtas.ie

FÓGRA SÉANTA: Níor cheart an fhaisnéis thuas a mheas mar léirmhíniú dlíthiúil ar an reachtaíocht thuasluaite. Ba cheart tagairt a dhéanamh i gcónaí do théacs an Achta nó na Reachtaíochta Rátaí gaolmhara.

This service is provided by

Finance

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Dooradoyle Road, Dooradoyle, Limerick, V94 WV78