Fóirdheontais Oibriúcháin Ghrúpscéim Uisce

Mar chuid lárnach de chur chuige pleanála chun cáilíocht agus iontaofacht soláthairtí uisce tuaithe a fheabhsú, beidh fóirdheontas bliantúil i dtreo chostais oibriúcháin grúpscéimeanna uisce maidir le huisce a sholáthar le haghaidh úsáid tí iníoctha ag údaráis áitiúla le grúpa a chomhlíonann coinníollacha an scéim fhóirdheontais mar atá leagtha amach sa Mheabhrán Míniúcháin (ceangailte thíos).

Chun críocha fóirdheontais sainmhínítear grúpscéim uisce mar:

‘Scéim a sholáthraíonn soláthar príobháideach uisce de dhá theach nó níos mó trí chomhfhoinse soláthair agus córais dáilte’.

Is féidir le grúpscéimeanna uisce incháilithe an fóirdheontas oibriúcháin a fháil gach bliain. Féadfaidh grúpscéim uisce soláthar uisce a fháil ó phríomhphíobán Uisce Éireann nó ó fhoinse phríobháideach cosúil le loch, tobar, tollpholl, srl. Tá an fóirdheontas roinnte ina dhá chuid atá struchtúrtha chun na socruithe oibriúcháin éagsúla a chur san áireamh agus costais a eascraíonn i ngach cás.

Fóirdheontas A: Tá an fóirdheontas seo iníoctha i dtreo chostais ghinearálta Oibriúcháin agus Bainistíochta gach grúpscéim uisce.
Fóirdheontas B: Tá an fóirdheontas seo iníoctha i dtreo costais Oibriúcháin agus Cothabhála (O&C) a bhaineann le conarthaí “bona fide” Dear/Tógáil/Oibriú (DTO) do ghrúpscéimeanna a bhfuil a n-áiseanna cóireála uisce féin acu.

Tá téarmaí agus coinníollacha mionsonraithe don scéim fóirdheontais oibriúcháin, lena n-áirítear na rátaí fóirdheontais iníoctha, leagtha amach sa Mheabhrán Míniúcháin don scéim fóirdheontais oibriúcháin sna doiciméid tacaíochta thíos.

Tá an fhoirm iarratais le haghaidh Fóirdheontais Oibriúcháin Bliantúla agus Réamhfhóirdheontais Oibriúcháin ar fáil thíos freisin.

This service is provided by

Water Services

Phone +353 61 556000