Is é An Post a dhéanann riaracháin ar Cheadúnais Madraí anois, ag do bhrainse d’oifig an phoist áitiuil, nó ar líne ag Licences.ie.
De réir na reachtaíochta faoin Rialú Madraí, agus na rialacháin a bhaineann leí, ní mhór d’úinéar madra a chinntiú:
- Go bhfuil an madra ceadúnaithe.
- Gur féidir an madra a aithint – go bhfuil cóiléir á chaitheamh aige, le ainm agus seoladh an úineara ceangailthe leis.
- Go bhfuil an madra faoi smacht í gconaí.
- Go bhfuil an madra ar éill i gconaí agus é ag siúl tríd aon pháirc phoiblí i gCathair Luimnigh.
- Ceadúnais Madraí
- Salachar Madraí
- Madra a Athshocrú
- Eolas Teagmhála
- Seirbhís Maorachta Madraí
- Clár d’Ionaid Pórúcháin Madraí
Ceadúnais Madraí
Is é An Post a dhéanann riaracháin ar Cheadúnais Madraí anois.
Is féidir ceadúnas madra a cheannach ag aon oifig an phoist, nó ar líne ólicences.ie.
Is féidir íocaíocht a dhéanamh ag oifig an phoist trí mhéan airgid thirim, dhréacht bainc nó cárta dochair/creidmheasa.
- Ceadúnas Madraí Bliaintiúil Bailí go bliain amháin, Iarratas - €20
- Ceadúnas Madraí Saoil Bailí go fad shaoil an madra, Iarratas - €140
Salachar Madraí
Ní mhór d’úinéirí freagracha a bheith i bhfeighil ar a gcuid madraí i gconaí agus iad lasmuigh, agus mála á iompar acu chun salachar madraí a ‘chur sa mhála agus sa bhruscar.’ Ní maith l’einne a bheith ag léimt timpeall salachar madraí ar chosáin, nó á ngreamú lena gcuid bhrógaí, chathaoireacha rothaí, bhugaí nó rothanna rothair.
Chun fineáil de €150.00 a sheachaint, is féidir aon chineáil mhála agus aon chineáil bhosca bruscar poiblí a úsáid.
Billeog Frith-shalachar Madraí
Madra a Athshocrú
Tá sé neamh-fhreagrach agus crúalach madra a thréigint nó ligint dó a bheith ar fámaireacht. Is féidir le madra atá ar strae a bheith contúirteach do bheostoc, do thrácht ar an mbóthair agus don phobal ghinerálta.
Más rud é nach féidir leat aire a thabhairt dá mhadra a thuilleadh, led’ thoil déan iarracht é/í a athshocrú. Déan teagmháil leis an tSeirbhís Maorachta Madraí ag 061 301604.
Má theipeann ort ar gach rogha eile, is é an rud is daonnacthúla ná an madra a chur chun báis í slí daonnacthúil.
Is féídir fineáil ar an láthair €100.00, nó ioncúiseamh sa chúirt, a ghearradh ar duine a bhfuil madra neamh-cheadúnaithe acu nó madra á ligint as smacht acu.
Seo a leanas fóralacha bhreise dena hAchta um Rialú Madraí 1986-2010:
- Rialacháin um Rialú Madraí 1998 Riachtanais go bhfuil ar gach madra coléir a chaitheamh
- An tAcht um Micrishlísí a chur i Mhadraí, 2015.Caighdeáin agus cúramaí ag baint le cumas aithint madraí tríd micrishlísí a chur iontu.
- An tAcht um Ionaid Pórúcháin Madraí 2010, agus na Treoirlínte um Ionaid Pórúcháin Madraí 2018: Clárú agus rialú d’Ionaid Pórúcháin Madraí a bhfuil sé bhithseach, nó sa bhreis, atá ar a gcumas phorú, ar an áitreamh.
Ba cheart go mbeidh a fhios ag daoine atá ag súil le madra a fháil go bhfuil orthu a bheith freagrach as cúram agus cothú an ainmhí agus go bhfuil costas airgeadais ag baint leis. É sin ráite, is féidir le madra a bheith mar ‘dlúthchara an duine’, agus is féidir leis an madra an-phleisiúr agus an-sonas a thabhairt dá n-úinéir.
Eolas Teagmhála
Ionad Dídine Madraí
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Ionad Fóntas Pobail
An Mungairit
Luimneach
V94 498X
+353 61 301604
Uaireanta Oscailte
Ní mhór coinne a dhéanamh chun rochtain a fháil ar an Ionad Dídine Madraí. Led’thoil, cuir glaoch ar 061 301604.
Seirbhís Maorachta Madraí
Coiméadtear gach madra seachráin san Ionad Dídine ar feadh thréimhse cúig lá ar a laghad. Le linn an achar sin, is féidir leis an úinéir an madra a fháil ar ais. Ba cheart d’éinne atá ag iarraidh madra a athshocrú, nó madra nach bhfuil fáilte riomh a thabairt isteach, dul i dteagmháil ag 061 301604.
Ta na táillí seo a leanas i bhfeidhm faoi láthair
Táille Athshocrú |
€50 |
Táille, gach phór, a thabairt ar ais, le ceadúnas mhadraí baillí (seachas cú) |
€40 |
Táille, gach phór, a thabairt ar ais, gan ceadúnas mhadraí baillí (seachas cú) |
€50 |
Úinéar ag fáil a mhadra ar ais – agus táille phóna €10.00 do gach achar 24-uair. |
€50 |
Nóta: Ní ghlactar le aon chú san Ionad Dídine Madraí. Tá Rásaíocht Con Éireann freagrach as rialú na gcon in Éirinn. |