Leagtar amach i bPlean Náisiúnta Bainistithe Dramhaíola do Gheilleagar Ciorclach 2024-2030 creat náisiúnta na hÉireann maidir le cosc agus bainistiú dramhaíola agus tacú leis an aistriú ó mhúnla traidisiúnta “bain-déan-diúscair” go geilleagar ciorclach, ina ndéantar ábhair a athúsáid, a dheisiú, agus a athchúrsáil a oiread agus is féidir, agus ina ndéantar giniúint dramhaíola a íoslaghdú.
D’fhorbair na hOifigí Réigiúnacha um Pleanáil Bhainistíochta Dramhaíola an Plean thar ceann na nÚdarás Áitiúil, i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996.
Cuimsíonn sé raon spriocanna agus gníomhaíochtaí uaillmhianacha chun dramhaíl a laghdú agus chun feabhas a chur ar an gcaoi a mbainistítear í. I measc na nithe seo, tá:
- laghdú ar ghiniúint dramhaíola iomlán agus é mar sprioc fás nialasach iomlán dramhaíola a bhaint amach in aghaidh an duine thar shaolré an Phlean,
- Méadú ar rátaí athchúrsála agus feabhas ar dheighilt dramhaíola, agus
- Tuilleadh athúsáide agus deisithe a spreagadh, le spriocleibhéal athúsáide suas le 20 kg in aghaidh an duine gach bliain.
Le chéile, is é is aidhm do na bearta sin an comhshaol a chosaint, acmhainní a shábháil, agus roghanna laethúla níos inbhuanaithe a spreagadh i measc teaghlaigh agus pobal.
Is féidir an Plean iomlán a fháil anseo.