Ceadúnas d’Ócáid Allamuigh

Sonraítear ócáid allamuigh mar aithris poiblí reáchtáilte go háirithe amuigh faoin aer nó ar struchtúr gan díon nó faoi dhíon páirteach nó sealadach, puball nó struchtúr sealadach cosúil agus comhdhéanta le ceol, rince, siamsaíocht phoiblí nó aon ghníomhaíocht.

Faoi Chuid XVI Achta Pleanála agus Forbartha 2000-2010 (de réir leasaithe) agus Cuid 16 na Rialachán Pleanála agus Forbartha 2001 (de réir leasaithe), teastaíonn ceadúnas ón Údarás Pleanála maidir le ócáid allamuigh a reáchtáil le lucht féachana a chomhdhéanann 5,000 nó níos mó daoine.

Conas Iarratas a Dhéanamh i gcomhair Ceadúnais Ócáide Allamuigh

  • Chun cur isteach i gcomhair ceadúnais chun ócáid allamuigh a reáchtáil ní mór F18 - Foirm Iarratais ar Cheadúnas i gcomhair Ócáide a chomhlíonadh - ar fáil le íoslódáil ag deireadh an leathanaigh seo
  • Ní mór an t-iarratas ar cheadúnas a sheoladh ar a laghad 10 seachtainí roimh dháta na hócáide nó, i gcás iarratais ar go leor ócáidí ag ionad ar feadh tréimhse nach sáraíonn bliain, ar a laghad 16 seachtain sula ndéantar an chéad ócáid a reáchtáil.
     

Cad atá san áireamh in Iarratas ar Cheadúnas?

  1. Cóip den leathanach comhlíonta le nuachtáin áitiúla agus náisiúnta araon ina raibh fógra riachtanach foilsithe.
  2. Dréacht ar phlean bainistíochta lena n-áirítear:
    • Ainm agus freagrachtaí le rialaitheoirí na hócáide, oifigeach sábháilteachta na hócáide agus a leas-oifigigh
    • Dréacht ar Phlean Éigeandála Suímh
    • Dréacht ar Phlean Bainistíochta Tráchta
    • Dréacht ar Ráiteas Straitéiseach Sábháilteachta
    • Dréacht ar Chlár Monatóireachta Comhshaoil roimh, le linn agus tar éis na hócáide molta
    • Mionsonraí ar an bplean molta don limistéar ceadúnaithe
  3. Cóip ar Léarscáil Suímh - Scála 1:1000 i limistéir tógtha agus 1:2500 i ngach limistéar eile.
  4. Plean leagan amach an tsuímh.
  5. Táille reachtúil €2,500 (inmhuirir amháin nuair atá an ócáid á reáchtáil chun brabúis).
  6. 10 gcóip de cháipéisí iarratais agus gaolmhara, léarscáileanna agus líníochtaí.
  7. Mura bhfuil an t-iarratasóir ina úinéir/áitritheoir, ní mór go mbeidh litir comhthola ón úinéir chun an tairiscint i gceist a dhéanamh leis an iarratas.

Rialú Aonaigh Shiamsaíochta

Déileáiltear le rialú aonaigh shiamsaíochta go sonrach i gCuid XVI Chuid 239 agus 240 Achta Pleanála agus Forbartha 2000-2010 (de réir leasaithe) agus Rialacháin Pleanála agus Forbartha (Teastas Trealaimh d’fhaiche an aonaigh) 2003.

Ní mór don duine ar mian leis aonach siamsaíochta fógra dhá lá oibre a thabhairt i scríbhinn chuig an Údarás Áitiúil agus Teastas Sábháilteachta bailí do threalamh d’fhaiche an aonaigh le úsáid ag aonach siamsaíochta, agus suíomh agus dátaí ina mbeidh an t-aonach siamsaíochta reáchtáilte. 

Glactar leis go bhfuil úsáid talún i gcomhair aonaigh shiamsaíochta ina forbairt díolmhaithe faoi Aicme 37 Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001 (de réir leasaithe) sa chás nach n-úsáidtear aonach siamsaíochta ar feadh tréimhse a sháraíonn 15 lá. In ainneoin sin, faoi Chuid 2 Airteagail 9 Rialachán Pleanála agus Forbartha 2001 (de réir leasaithe), baineann teorainneacha ar fhorbairtí díolmhaithe má fhaightear amach go gcuirfeadh forbairt sábháilteacht phoiblí i mbaol i ngeall ar ghuais tráchta nó bac ar an trácht d’úsáideoirí bóthair. 

Download the latest documents

This service is provided by

Planning Development

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Dooradoyle, Limerick V94 XF67