Uisce Éireann & Fuíolluisce

Is é Uisce Éireann fóntas náisiúnta uisce nua na hÉireann atá freagrach as seirbhísí uisce a sholáthar agus a fhorbairt ar fud na hÉireann.

Arna ionchorprú i mí Iúil 2013 mar chuideachta leathstáit faoin Acht um Sheirbhísí Uisce 2013, tugann Uisce Éireann seirbhísí uisce agus fuíolluisce na 34 údarás áitiúil le chéile faoi sholáthraí náisiúnta seirbhíse amháin..

Tá Uisce Éireann tar éis na freagrachtaí a ghlacadh ó na húdaráis áitiúla seo ó mhí Eanáir 2014 i leith. Tá Uisce Éireann freagrach anois as seirbhísí poiblí uisce & fuíolluisce a oibriú, lena n-áirítear sócmhainní náisiúnta uisce & fuíolluisce a bhainistiú, cothabháil an chórais uisce / fuíolluisce, infheistíocht agus pleanáil, tionscadail chaipitil agus cúram custaiméirí agus billeáil a bhainistiú.

Chomh maith le freagracht as na seirbhísí poiblí seo, beidh Uisce Éireann ag déanamh cinntí caipitil agus infheistíochta maidir le bonneagar na tíre ar bhonn náisiúnta.

Tá Uisce Éireann freagrach do dhá chomhlacht rialála - an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh (CRF), atá ina rialtóir eacnamaíoch don tionscal uisce, agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ​​(GCC), atá ina rialtóir comhshaoil.

Déan teagmháil le hUisce Éireann chun tuilleadh eolais a fháil nó chun saincheist a thuairisciú maidir le:

Déan teagmháil le hUisce Éireann

Uisce Éireann
Bosca Poist 860
Oifig Seachadta na Cathrach Theas
Cathair Chorcaí

Chun eolas a fháil ar aon oibreacha sceidealaithe i do cheantar a d’fhéadfadh cur isteach ar do sholáthar, cliceáil anseo le do thoil.
Is féidir leat do chuardach a scagadh de réir Cineál Foláirimh agus Contae.

Twitter: @IWCare

Ceisteanna Custaiméirí, Soláthar Uisce, Méadrú & Éigeandálaí srl
Fón: 1800 278 278 / 01-707 2828

Bíonn na línte ar oscailt 24 uair sa lá, 7 lá na seachtaine

Billeála, Clárú agus Fiosrúcháin Chuntais Ghinearálta
0818 778 778 / 01-707 2824

Tá na línte ar oscailt 8rn - 8in Luan go hAoine

9rn - 5.30in, Dé Sathairn