Catagóirí maidir le Going for Gold 2026

Tá roinnt catagóirí sa Deontas agus Comórtas Feabhsúcháin Chomhshaoil Going for Gold Luimnigh 2026.

Limerick communities taking part in Going for Gold competition

Tá iarratais á lorg ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ó Chumainn Cónaitheoirí / Ghrúpaí Cónaitheoirí suite laistigh de Cheantair Athnuachana.

Chun foirmeacha iarratais ar scéim deontais Going for Gold na bliana seo a íoslódáil, cliceáil anseo.

Sa bhliain 2026, díreoidh Going for Gold Luimnigh ar bhithéagsúlacht, an dúlra, gnéithe fiadhúlra, plandáil atá oiriúnach do phailneoirí agus atá mar chuid den gheilleagar ciorclach (deisiú, athúsáid, athnuachan), ábhair athchúrsáilte a úsáid, laghdú dramhaíola, rannpháirtíocht an phobail, scéimeanna plandála atá oiriúnach do phailneoirí agus do bhithéagsúlacht amhail beacha fiáine agus feithidí pailnitheacha (ie tá scipe bruscair a fháil ar cíos agus plandáil bhréige neamh-incháilithe).

Best front garden
Wildflower Garden with yellow flowers and greenery

Catagóir na mBailte Slachtmhara

Tá an chatagóir sin oscailte do gach grúpa a chuir isteach ar Chomórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara.

Áirítear le cuid de na gnéithe a d’fhéadfadh a bheith bainteach le moltóireacht sa chatagóir sin na nithe seo a leanas:

  • Athbhreithniú deisce ar gach iarratas
  • Cuairt ar an láthair
  • Agallaimh ar Live 95 agus vótáil trí théacs
  • Cuairt tugtha ag moltóirí Going for Gold Luimnigh

Tá Cumainn Cónaitheoirí/ Grúpaí Cónaitheoirí suite laistigh de Cheantair Athnuachana incháilithe d’iarratas a dhéanamh.

Ba cheart do Ghrúpaí Cumainn Cónaitheoirí/na mBailte Slachtmhara smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar chomórtas náisiúnta na mBailte Slachtmhara 2026.

Cliceáil anseo le haghaidh sonraí maidir le comórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara.

Catagóir 'Faoi Bhláth agus Oiriúnach do Bheacha Luimnigh'

Tá an chatagóir sin oscailte do gach grúpa Bailte Slachtmhara nár chuir isteach ar Chomórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara 2026 ná nár ghnóthaigh gradam i gComórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara 2026.

Baineann an comórtas 'Faoi Bhláth agus Oiriúnach do Bheacha Luimnigh' le plandáil atá oiriúnach do phailneoirí agus le taispeántais bláthanna.

Áirítear le nithe atá ábhartha leis an gcatagóir sin: Scéimeanna plandála a úsáid atá ildaite, ilbhliantúil, a bhaineann le caomhnú agus bithéagsúlacht, atá oiriúnach do phailneoirí amhail beacha fiáine agus feithidí pailnitheacha.

Measfaidh na moltóirí na critéir seo a leanas: plandáil atá oiriúnach do phailneoirí lena n-áirítear crainn dhúchasacha, plandaí lán le neachtar agus pollán a roghnú do shoithí plandaí an phobail, soithí plandaí a úsáideann uisce báistí, dath, éagsúlacht, suíomh, oiriúnacht scéimeanna plandála éagsúla, beacha a chaomhnú, fálta sceach dúchasacha a bhainistiú agus gnáthóga neadaithe do phailneoirí a chruthú.

Catagóir an Cheantair Chónaithe

Tá Catagóir an Cheantair Chónaithe oscailte do gach eastát agus ceantar cónaithe ar fud Luimnigh a rinne iarratas ar Dheontas Feabhsúcháin Chomhshaoil Going for Gold Luimnigh sa bhliain 2026.

Tá Cumainn Cónaitheoirí/ Grúpaí Cónaitheoirí suite laistigh de Cheantair Athnuachana incháilithe d’iarratas a dhéanamh.

Ba cheart do Ghrúpaí/Cumainn Cónaitheoirí smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar chomórtas náisiúnta na mBailte Slachtmhara 2026.

Cliceáil anseo le haghaidh sonraí maidir le comórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara.

Gradam Dianiarrachta

Gradam Dianiarrachta – téann sé go hiarrthóir Luimnigh is mó feabhas orthu i gcomparáid leis an mbliain roimhe i nGradaim Náisiúnta Chomórtas na mBailte Slachtmhara.

Inbhuanaitheacht, Cosc Dramhaíola agus Rannpháirtíocht an Phobail (Gradam Athúsáide roimhe seo)

Téann Gradam Inbhuanaitheachta, Cosc Dramhaíola agus Rannpháirtíocht an Phobail de chuid Going for Gold Luimnigh chuig grúpa/pobal/club srl ar díríodh aird Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh orthu maidir le cosc dramhaíola nó cosc dramhaíola a spreagadh. Leis an ngeilleagar ciorclach, deimhnítear go n-úsáideann gach duine níos lú acmhainní agus go gcoisctear dramhaíl chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe a chur chun cinn.

Tarlaíonn moltóireacht maidir le Gradam um Athúsáid an Gheilleagair Chiorclaigh i mí Lúnasa.

Cliceáil anseoanseo chun eolas faoin ngeilleagar ciorclach a fheiceáil.

Cliceáil anseo chun féachaint ar an gcaoi le déileáil le dramhaíl sa bhaile.

Féach ar Acmhainní agus feachtais - Mo Dhramhaíl Féin le haghaidh acmhainní agus feachtais shuimiúla chun cabhrú linn dramhaíl a bhainistiú.

Catagóir an Iarrthóra Nua is Fearr

Tá an chatagóir sin oscailte do ghrúpaí pobail nua-chumtha ar fud Chathair agus Chontae Luimnigh.

Tá na gnéithe a d’fhéadfadh a bheith bainteach le moltóireacht sa chatagóir sin sa mhéid seo a leanas:

  • Athbhreithniú deisce ar gach iarratas
  • Cuairt ar an láthair
  • Cuairt tugtha ag moltóirí Going for Gold Luimnigh

Rannpháirtíocht Óige sa Phobal

Tá an chatagóir sin oscailte do gach Grúpa Pobail ina bhfuil oibrithe deonacha óga ag glacadh páirte, ag cur leis an bpobal de bharr a smaointe agus a bhfíseanna. Ní mór d’oibrithe deonacha óga bheith ag obair i gcomhpháirtíocht chun an pobal a neartú agus a dhéanamh níos acmhainní agus níos inbhuanaithe

Tá na gnéithe a d’fhéadfadh a bheith bainteach le moltóireacht sa chatagóir sin sa mhéid seo a leanas:

  • Athbhreithniú deisce ar gach iarratas
  • Cuairt ar an láthair
  • Cuairt tugtha ag moltóirí Going for Gold Luimnigh
Wildlife area sign in Irish garden with long grass and trees

Moltóireacht

Measfaidh an painéal moltóireachta roinnt gnéithe agus iad ag déanamh moltóireachta ar iarrthóirí i ngach catagóir lena n-áirítear na critéir seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:

  1. Bainistíocht bruscair agus easpa ginearálta bruscair sa limistéar, bóithre ar an mbealach isteach san áireamh
  2. Fócas ar bhithéagsúlacht, an dúlra, gnéithe an fhiadhúlra agus plandáil atá oiriúnach do phailneoirí (bláthanna/plandaí bréige neamh-incháilithe). Ba cheart pacáistí síolta bláthanna fiáine ón ollmhargadh, etc, a choinneáil le haghaidh úsáide i ngairdíní príobháideacha. Má chuirtear síolta féir, déan cinnte go bhfuil céatadán níos airde de sheamair agus nóiníní ann, plandaí a mbainfidh an fiadhúlra leas astu
  3. Fócas ar phlandáil glasraí seachas plandaí ceapaí. Ná cuir soithí plandaí ar an bhféar/ar limistéir ghlasa. Ba cheart Crainn Dhúchasacha agus plandaí eile a chur go díreach sa talamh
  4. Níor cheart an maoiniú sin a úsáid chun fiailnimh, plandaí ceapaí, bláthanna/plandaí bréige a cheannach nó chun scipe bruscair a fháil ar cíos
  5. Inbhuanaitheacht, fócas ar gheilleagar ciorclach (deisiú, athúsáid, athchúrsáil), ábhair athchúrsáilte, laghdú dramhaíola agus Rannpháirtíocht an Phobail
  6. Ba cheart muirín baile a úsáid nuair is féidir, seiceáil más féidir le cónaitheoir ar bith i do cheantar é a chur ar fáil don tionscadal mar rogha eile in ionad súsáin. Tabhair faoi deara, go bhfuil móta ar fáil saor in aisce ó na hIonaid Athchúrsála i Mungairit, i gCill Mocheallóg agus Sa Chaisleán Nua
  7. Má tá hiodrainsia á cur agat, deimhnigh gur cineál a mheallann pailneoirí agus atá fóinteach do bheacha fiáine agus d’fheithidí pailnitheacha í. Féach 'Naisc Úsáideacha' thíos le haghaidh tuilleadh eolais
  8. Rannpháirtíocht Óige sa Phobal - rannpháirtíocht oibrithe deonacha óga, smaointe agus físeanna nuálacha lena ligtear dóibh an pobal a mhúnlú, lena n-áirítear obair na hóige i gcomhpháirtíocht leis an bPobal chun an pobal a neartú agus a dhéanamh níos acmhainní agus níos inbhuanaithe
  9. Glac leis an gcomhairle luachmhar ó sheimineáir na mBailte Slachtmhara roimhe seo, le do thoil
  10. Tacú le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) – féach 'Naisc Úsáideacha' thíos le haghaidh tuilleadh eolais. Leis na Spriocanna sin léirítear gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus timpeallachta d’fhorbairt inbhuanaithe, atá ailínithe le héiteas Going for Gold Luimnigh
  11. Oibreacha ar tugadh Cúnamh Deontais Chomhshaoil Going for Gold Luimnigh dóibh
  12. Scéimeanna plandála cuí – crainn dhúchasacha, pailneoirí, plandaí ilbhliantúla, srl
  13. Oibreacha breise ar tugadh fúthu ón bhliain roimhe, más infheidhme
  14. Gnéithe de bhóithre isteach i dtreo limistéir, sráidbhaile nó baile
  15. Foirm iarratais faighte
  16. Gnéithe ar bith eile a mheasann na moltóirí a bheith ábhartha
  17. Agallaimh Live 95 agus vótáil trí théacs infheidhme ar chatagóirí na mBailte Slachtmhara amháin

Tabhair faoi deara go dtarlóidh moltóireacht Going for Gold Luimnigh 2026 i mí Lúnasa 2026.

De ghnáth, tarlaíonn agallaimh agus vótáil Live 95 Luimnigh (catagóir na mBailte Slachtmhara) le linn mhí Lúnasa.

Naisc Úsáideacha:

Le haghaidh eolais faoi mhúiríniú téigh go: https://mywaste.ie/sustainability/food-waste/home-composting/

Le haghaidh eolais faoi Phailneoirí téigh go: Plean Uile-Éireann um Pailneoirí » Plean Uile-Éireann um Pailneoirí

Treoirlínte: https://pollinators.ie/wp-content/uploads/2024/02/AIPP-A5-Community-guidelines-2023-WEB.pdf

Dréachtphlean Gníomhaíochta Luimnigh um Bithéagsúlacht 2025 - 2030: https://www.limerick.ie/council/services/environment-and-climate-action/limerick-biodiversity-action-plan/limerick

Eolas faoi Bhailte Slachtmhara: https://www.limerick.ie/council/services/environment-and-climate-action/clean-community/national-tidy-towns-competition-0

Beartas Crann do Luimneach, 2024- 2030: https://www.limerick.ie/council/services/environment-and-climate-action/tree-policy/tree-policy-for-limerick

Suíomh gréasáin chun do chrainn nua-churtha a thaifeadadh: https://trees.limerick.ie/

Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna): https://sdgs.un.org/goals