Freastálaí um Bhainistiú Saoráidí - An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná Dé Céadaoin an 26 Samhain 2026.

Is í Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh an tÚdarás atá freagrach as Rialtas Áitiúil i gCathair agus i gContae Luimnigh. Tá an phríomh-cheanncheathrú chorparáideach suite ag Cé na gCeannaithe i gCathair Luimnigh. Tá Méara ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a thoghtar go díreach, mar aon le 40 comhalta tofa agus thart ar 1500 ball foirne.

Tá ról suntasach ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ó thaobh an fhís straitéiseach don Chathair agus don Chontae a mhúnlú. Cuireann sí raon éagsúil cuimsitheach seirbhísí atá ag forbairt ar fáil do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do chuairteoirí sa chontae lena n-áirítear soláthar tithíochta agus seirbhísí pleanála, forbartha, comhshaoil, iompair, fiontair, fóillíochta agus pobail.

Fáiltíonn Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh roimh iarratais ó dhaoine cuícháilithe ar mian leo a bheith san áireamh ar phainéal don phost Freastálaí um Bhainistiú Saoráidí.

Líonfar conarthaí buana agus sealadacha don phost Freastálaí um Bhainistiú Saoráidí ón bpainéal seo ar feadh shaolré an phainéil.

 

 

Tuarastal
€1,563.30 - €1,612.58 in aghaidh na coicíse
Saoire bhliantúil
25 Laethanta saoire bliantúla
Uaireanta oibre
39 uaireanta sa tseachtain
Próiseas Iarratais

Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh chuig recruitment@limerick.ie. Seol d'iarratas ó sheoladh ríomhphoist a mbíonn tú ag féachaint air go rialta, mar is tríd an seoladh ríomhphoist sin agus trí sin amháin a dhéanfar cumarsáid le linn an phróisis mheasúnaithe/roghnaithe. Déan cinnte freisin go gcoinneoidh tú súil ar an bhfillteán dramhphoist/ turscair go rialta mar go bhféadfaidh do sholáthraithe seirbhíse ríomhphoist ríomhphoist a chur chuig an bhfillteán sin in amanna.

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais na Dé Céadaoin an 26 Samhain 2026.