An Scéim um Bonneagar Áineasa Allamuigh 2024/2025

Leis an Scéim um Bonneagar Áineasa Allamuigh 2024/2025 (ORIS) foráiltear maoiniú le haghaidh bonneagair áineasa allamuigh nua agus atá ann cheana féin i gceantair tuaithe a fhorbairt. Tá an Scéim maoinithe faoi “Ár dTodhchaí Tuaithe”, Beartas Forbartha Tuaithe na hÉireann 2021-2025, lena dtugtar tús áite go sonrach don earnáil turasóireacht ghníomhaíochta allamuigh atá ag fás mar chuid d’fhís fhadtéarmach chun ceantair tuath na hÉireann bríomhar agus inbhuanaithe a bhaint amach.

Tá an Scéim Bonneagair Áineasa Lasmuigh 2024/2025 dúnta d’iarratais.

Tá an Straitéis Náisiúnta Áineasa Allamuigh 2023-2027, Téigh Amach Faoin Aer, a seoladh i mí na Samhna 2022, dírithe ar treo straitéiseach d’áineasa allamuigh in Éireann a mhúnlú. Is é is aidhm leis an Straitéis líon na ndaoine atá gníomhach amuigh faoin aer a mhéadú, go háirithe daoine óga agus grúpaí faoi ghannionadaíocht, agus tuiscint níos fearr a chothú maidir le conas taitneamh a bhaint as a bheith amuigh faoin aer go freagrach. Tá sé mar aidhm leis freisin ár radharcanna tíre, gnáthóga agus oidhreacht thógtha a chosaint agus foráiltear treoraíocht ar na próisis agus na cleachtais i dtaca le bonneagar áineasa allamuigh a fhorbairt i mbealach inbhuanaithe. Tá sé riachtanach go bhfuil na léirithe spéise uile a chuirtear isteach faoi i gcomhréir le Téigh Amach Faoin Aer, ar féidir breathnú air anseo.

I measc na dtionscadal a mhaoiníonn ORIS de ghnáth áirítear siúlbhealaí, rotharbhealaí, gormbhealaí, conairí uisce agus rothaíochta, cosáin mharcaíochta, chomh maith le áiseanna snámha faoin aer ag portaigh, aibhneacha agus lochanna. Tá tionscadail uiscebhunaithe atá suite laistigh de bhailte tuaithe/purláin shráidbhaile incháilithe freisin. Níl tionscadail a bhaineann le gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl amuigh faoin aer ar chúrsaí nó ar pháirceanna teoranta (amhail gailf, peil, seóléimneach) nó gníomhaíochtaí mótair (amhail cuadrothair/rothair streachailte) incháilithe le haghaidh maoinithe faoi ORIS. Féach ar leathanach 17 d’Imlíne na Scéime le haghaidh liosta de Thionscadail/Costais neamh-incháilithe.

Tá léirithe spéise á lorg do gach Beart mar a leagtar amach thíos;

  • Beart Forbartha Tionscadal: Costais Forbartha do Thionscadail Straitéiseachaar Mhorscala le deontas suas go € 50,000 ar a mhéad. Is féidir dhá léiriú spéise ar a mhéad a chur ar ghearrliosta chun iarratais a chur ar aghaidh chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Osclófar léirithe spéise Dé Luain an 11 Samhain agus is é 12 meán lae, Dé Luain an 16 Nollaig 2024 an dáta deiridh a nglacfar le léirithe spéise comhlánaithe
  • Beart 1: Deisiúchán/Forbairt/Cur Chun Cinn agus Margaíocht ar Mhionscála le deontas suas go € 40,000 ar a mhéad. Is féidir sé léiriú spéise ar a mhéad a chur ar ghearrliosta chun iarratais a chur ar aghaidh chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Osclófar léirithe spéise Dé Luain an 11 Samhain agus is é 12 meán lae, Dé Luain an 16 Nollaig 2024, an dáta deiridh a nglacfar le léirithe spéise comhlánaithe
  • Beart 2: Deisiúchán/Uasghrádú ar Mheánscála agus Forbairt Conairí/Áise Nua le deontas suas go € 200,000 ar a mhéad. Is féidir trí léiriú spéise ar a mhéad a chur ar ghearrliosta chun iarratais a chur ar aghaidh chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Osclófar léirithe spéise Dé Luain an 18 Samhain agus is é 12 meán lae, Dé hAoine an 31 Eanáir, an dáta deiridh a nglacfar le léirithe spéise comhlánaithe
  • Beart 3: Deisiúchán/Uasghrádú Straitéiseach ar Mhórscála agus Forbairt Conaire/Conláiste Straitéiseach Nua le deontas uasta suas go € 500,000 ar a mhéad. Is féidir léiriú spéise amháin ar a mhéad a chur ar ghearrliosta chun iarratais a chur ar aghaidh chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Osclófar léirithe spéise Dé Luain an 18 Samhain agus is é 12 meán lae, Dé hAoine an 31 Eanáir, an dáta deiridh a nglacfar le léirithe spéise comhlánaithe
Outdoor Recreation Infrastructure Scheme 2026-2027 logos

This service is provided by

Rural, Community and Culture Directorate

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Merchant's Quay, Limerick V94 EH90