Faigh, Iasacht, Úsáid, Tabhair Ar Ais - Pacáistí Cóisire Pobail

Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag tacú leis an tionscadal um chosc dramhaíola is déanaí i réigiún Pleanála Dramhaíola an Deiscirt.

Tá an pacáiste cóisire pobail “faigh ar iasacht, úsáid, tabhair ar ais” á chur ar fáil ag leibhéal pobail mar iarracht tacú le pobail a bheith níos inbhuanaithe agus dramhaíl a chosc.

Is féidir gach pacáiste cóisire a úsáid chun freastal ar suas le 30 duine agus san áireamh ann tá cupáin, plátaí, sceanra, crúscaí agus babhlaí. Tá stiallbhratacha atá forbartha ag Líonra Athúsáide Pobail na hÉireann (LAPÉ), trí úsáid a bhaint as teicstílí uaschúrsáilte, curtha ar fáil freisin. Is féidir na hearraí ar fad a ní, a athúsáid agus tá siad deartha chun iad a roinnt laistigh den phobal. Is féidir pacáistí a úsáid d’aon chineál ócáide pobail, ceiliúrtha nó imeachta. Chomh maith leis sin, is féidir le grúpaí pobail an pacáiste a roghnú le haghaidh ócáidí agus imeachtaí teaghlaigh laistigh den phobal.

Tá tionscadal an phacáiste cóisire “Faigh ar Iasacht, Úsáid, Tabhair ar Ais” ar fáil do raon leathan grúpaí pobail agus deonacha, lena n-áirítear grúpaí bailte slachtmhara/cumainn cónaitheoirí, grúpaí deonacha pobail, cumainn tuismitheoirí, grúpaí um aosú gníomhach agus clubanna spóirt. Táthar ag tacú freisin le rannpháirtíocht bunscoileanna agus meánscoileanna, ionad acmhainní teaghlaigh nó cineálacha ionad nó suíomhanna pobail eile.

Tá sé éasca pacáistí cóisire breise a chur ar fáil laistigh de phobail trí úsáid a bhaint as earraí bronnta nó ceannaithe.

Tugann an cur chuige atá bunaithe ar Faigh ar Iasacht, Úsáid, Tabhair ar Ais, tús áite do rochtain shealadach ar earraí agus ar ábhair seachas úinéireacht iomlán. Tacaíonn sé le hathrú a bhfuil sé mar aidhm leis luach a bhaint as feidhm seachas as seilbh.

Acmhainní um Maireachtáil Chiorclach - My Waste