Fionnachtaí

Le naisc taistil ghníomhaigh idir trí phríomhinstitiúid tríú leibhéil Luimnigh – Ollscoil Theicneolaíochta na Sionainne (OTS), Ollscoil Luimnigh (OL) agus Coláiste Mhuire gan Smál – cruthaítear tionscadal taispeántóra faoi Chlár Fionnachtaí, ar cuid den Bheartas Náisiúnta maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe é.

  • Map of Active Travel linkages between Limerick’s three main third-level institutions

Suíomh: Canáil na Cathrach go Sráid Uí Chonaill trí Ché na Comhla, Bóthar an Droichid agus Sráid Phádraig

Áirítear le gnéithe an tionscadail na nithe seo a leanas:

  • Ath-leithroinnt spáis bóthair reatha idir Cé na Comhla agus Sráid Phádraig/Uí Chonaill
  • Áiseanna rothaíochta tiomnaithe chun déileáil le méadú ar choisithe, rothaithe agus úsáideoirí maol-luaineachta ar an mbealach
  • Leathnú/caolú bóithre, ath-leithroinnt spáis bóthair chun cosáin, áiseanna rothaíochta, soilsiú bóithre, cóireáil teorann, oibreacha oiriúnacha, bearta moillithe tráchta, dromchla comhroinnte, marcáil bóthair nua, comharthaíocht bóthair uasghrádaithe, atreorú seirbhísí de réir mar is gá, córas draenála uisce dromchla nua agus na hoibreacha riachtanacha coimhdeacha uile chun iad a chríochnú.

Doiciméid tacaíochta

This service is provided by

Active Travel

Phone +353 61 556000