An Straitéis Uirbeach Chomhtháite

Creat pobal-lárnach is ea Straitéis Uirbeach Chomhtháite Bhaile Múrtha Oileán an Rí lena ndírítear ar chroílár stairiúil meánaoiseach Luimnigh a athbheochan, agus seanbhaile múrtha meánaoiseach Oileán an Rí ina lár.

  • Aerial image of King's Island, Limerick City

Le tacaíocht ó THRIVE – Scéim Athbheochana Oidhreachta Thús Áite do Lár an Bhaile – feabhsaíodh leis an straitéis Creat Bhaile Múrtha Oileán an Rí roimhe seo trí chaomhnú oidhreachta, athúsáid oiriúnaitheach foirgneamh folamh agus tréigthe, agus feabhsuithe ardchaighdeáin ar an réimse poiblí a chur chun cinn.

Sainaithnítear le Straitéis Uirbeach Chomhtháite Bhaile Múrtha Oileán an Rí tionscadail tosaíochta, idir uasghráduithe ar an tsráid-dreach agus feabhsuithe ar an éadan le huisce agus athnuachan príomhláithreacha straitéiseacha, chun tacú le hathghiniúint uirbeach inbhuanaithe, líon na ndaoine a thagann ann a mhéadú, fostaíocht áitiúil a chothú agus féiniúlacht chultúrtha an cheantair a neartú. Prionsabal lárnach den straitéis is ea rannpháirtíocht faoi stiúir na saoránach, agus comhoibriú ildisciplíneach mar threoir a fhíse.

Cuirtear béim ar roinnt láithreacha straitéiseacha laistigh den limistéar staidéir le haghaidh athnuachana nó feabhsúcháin, Láthair an Teallaigh, an Plás Úrghlas, Láthair an Chlochair, Láthair an Úlloird, agus an Margadh Prátaí san áireamh, agus cuirtear deiseanna ar fáil le gach ceann acu do spásanna poiblí nua, gníomhaíocht ilúsáide, nó athghiniúint faoi stiúir oidhreachta. Tá sé mar aidhm ag na tionscadail seo suíomhanna

tearcúsáidte a athghníomhachtú, inrochtaineacht a fheabhsú agus carachtar stairiúil Oileán an Rí a neartú.