Iarratas Pleanála Cheathrú Cois Abhann Cleeves

Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, i gcomhpháirtíocht le DAC Forbartha Straitéisí Fiche Tríocha Luimnigh, cead a lorg le haghaidh forbairt ilúsáide chun láithreán athfhorbraíochta straitéiseach a athghiniúint, mar chuid de ‘Thionscadal athbheochana agus claochlaithe ar imeall an uisce den Scoth’ Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.

  • CGI of Cleeves Riverside Quarter Limerick

Cuimsíonn an láithreán, ar a dtugtar ‘Ceathrú Cois Abhann Cleeves' air go háitiúil, an t-iarchoimpléasc muilinn tionsclaíoch ('Cleeves') atá suite ar an taobh thuaidh d’Abhainn na Sionainne, Cathair Luimnigh agus atá lonnaithe sa cheantar idir; Bóthar Ardán Bhaile na gCloch soir ó thuaidh; Trá Uí Cheallacháin soir ó dheas; Bóthar Condell (R527) siar ó dheas; agus, Bunscoil Salesian agus eastát cónaithe ‘Chnoc na Raithní’ siar ó thuaidh agus siar faoi seach - iad uile suite i mbaile fearainn Fhearann Seoin Mór i gCathair Luimnigh.

Tá an láithreán roinnte ag an gCuarbhóthar Thuaidh mar a síneann sé idir Bóthar Shíol Bhroin Íochtarach agus Trá Uí Cheallacháin.