Méara Luimní Tofa go Díreach

Thug an Rialtas cead chun dréachtú a dhéanamh ar reachtaíocht i gcomhair Méara Luimní Tofa go Díreach. Vótáil muintir Luimnigh i bpobalbhreith i mBealtaine 2019 ar son Méara Tofa go Díreach le Feidhmeanna Feidhmeannacha do Luimneach.

  • Limerick City and County Council Mayoral Chain (Pic Keith Wiseman)

Chuir Mr Peter Burke TD, An tAire Stáit um Rialtas Áitiúil agus Pleanáil fáilte roimh chinneadh an Rialtais níos luaithe inniu (20 Aibreáin 2021) chun tús a chur le dréachtú ar reachtaíocht le forálacha do mhéara tofa go díreach le feidhmeanna feidhmeannacha do Luimneach.

“Tá áthas orm gur thug an Rialtas faomhadh chun tús a chur le dréachtú reachtaíochta riachtanach chun oifig a bhunú le méara tofa go díreach i Luimneach agus chun toghchán méara a reáchtáil i Luimneach níos déanaí an bhliain seo, má cheadaíonn ceist na sláinte poiblí é”, a dúirt an tAire Burke. “Céim thábhachtach é an cinneadh seo chun deis do mhuintir Luimnigh vóta a chaitheamh do mhéara dóibh féin”, a dúirt an tAire.

Ina chruinniú inniu (Dé Máirt, 20 Aibreáin), thug an Rialtas faomhadh ar an Scéim Ghinearálta le Bille a dhéanfaidh forálacha chun bunaíocht oifige mhéara, feidhmeanna an mhéara, agus na struchtúir rialachais a thacaíonn leis an oifig sin. Leagann sé amach cód toghcháin chun toghcháin méara a reáchtáil i Luimneach agus soláthraíonn sé i gcomhair pobalbhreitheanna ar an gceist sin i ndlínsí eile in 2024, más mian.

Dúirt An tAire Burke“Cuirim fáilte roimh an scéal é gur fhaomhaigh an Rialtas mo thairiscintí chun go leor feidhmeanna nua agus freagrachtaí sa dlínse sin a chur san áireamh, lena n-áirítear forálacha le riachtanas don mhéara a bheith i gceannas ar bhord áitiúil chun dul chun cinn a thabhairt ar chur i bhfeidhm Tionscadal Éireann 2040 i réigiún chathair Luimnigh agus bord tuaithe a thionól chun gach gnéithe saoil tuaithe i Luimneach a mheasúnú, chomh maith le ceadú don mhéara geallshealbhóirí a thionól ar ábhair a bhaineann le Luimneach. Áirítear leis freisin forálacha a leagann amach meicníocht mhionsonraithe chun an méara a bhaint.”

Bhí na feidhmeanna agus freagrachtaí nua sin i measc moltaí an Ghrúpa Chomhairligh um Chur i bhFeidhm (IAG) don Mhéara Tofa go Díreach i gcomhair Luimnigh ina Thuarascáil foilsithe ar an 26 Eanáir. Is féidir anois dul chun cinn a thabhairt ar na tairiscintí sonracha sin ag an staid seo.

Dúirt an tAire freisin, “Chomhaontaigh an Rialtas gur chóir comhairliúcháin idir Ranna leanúint ag smaoineamh ar a thuilleadh freagrachtaí agus feidhmeanna a shannadh chuig méara Luimnigh, lena n-áirítear neamhspleáchas airgeadais níos mó, de réir aitheanta i dTuarascáil IAG. Is dócha gur fhéadfainn dul ar ais i dteagmháil leis an Rialtas le tairiscintí bhreise maidir leis seo níos moille.”

“Agus dul chun cinn á dhéanamh ar dhréachtú ar an reachtaíocht sna míonna amach romhainn, seolfaidh mé Scéim Ghinearálta an Bhille ar aghaidh chuig an Oireachtas ionas gur féidir leis an iniúchadh réamh-reachtach tosú a luaithe agus is féidir. Tá súil agam idirghníomhú le Comh-Choiste an Oireachtais um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht ar an reachtaíocht mholta seo sna seachtainí amach romhainn,” a dúirt an tAire.