Tionscadal CAPITEN

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo roinnt gnéithe spreagúla nua a fhorbairt lena n-áirítear nuálaíocht táirgí mara, turasóireacht mhara atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil ​​de, áiseanna loingseoireachta cois cladaigh agus farraige, pointí faisnéise calafoirt agus cláir taistil turasóireachta mara.

  • Limerick boating

Tá Tionscadal Interreg an Atlantaigh seo, atá mar pháirt d'Fhorbairt Turasóireachta, mar chuid den Stiúrthóireacht um Fhorbairt Shóisialta, ag tabhairt €105,000 breise don Chomhairle.

Bhí Searmanas Beannaithe na mBád ar siúl mar chuid de Riverfest 2019. Bhí beannacht na mbád roimhe seo ina shearmanas bliantúil don phobal áitiúil iascaireachta bradán. Ar an drochuair bhí deireadh curtha leis an traidisiún ársa seo faoi dheireadh na 1970idí. Agus é beo arís anois, táthar ag súil go mbeidh beannacht na mbád ina thraidisiún bliantúil arís, ag ceiliúradh spioraid pobail agus cultúr an phobail bádóireachta áitiúil.

Bhí Radharc na hAbhann in Ardeaglais Naomh Muire ar siúl freisin mar chuid de Riverfest 2019. Ceolchoirm saor in aisce ag ceiliúradh áilleacht agus cumhacht na habhann i Luimneach, ag díriú ar na naisc dhomhain idir an pobal áitiúil agus an tSionainn. Chuir sé béim ar oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha na habhann i gcroílár na cathrach, agus aithníodh freisin na daoine a dhéanann an abhainn níos sábháilte don phobal.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin Tionscadal CAPITEN, cliceáil anseo.

This service is provided by

Tourism

Phone +353 61 556000