Is tionscadal é An Scéim um Thaisteal Gníomhach Eastát an Bhagóidigh atá á chur ar fáil ag Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh. Tá sé á mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair.
Tá sé i gceist leis na hoibreacha nasc coisithe agus rothaíochta a fheabhsú idir Bóthar Bhéal Átha na Cora agus Bóthar Ros Uí Bhriain, ag dul trí Pháirc Dúlra Eastát an Bhagóidigh. Tá sé beartaithe cur le tarraingteacht turais ghearra siúlóide agus rothaíochta dóibh siúd a chónaíonn sa cheantar áitiúil.
Chabhródh an Scéim le leathnú a dhéanamh ar ghréasán iomlán Iarthar na cathrach, ag nascadh le Scéim an Chuarbhóthair Theas (nuair a thógfar í) agus ar aghaidh go lár na cathrach.
Chomh maith leis sin d’éascódh sé naisc leis an Scéim um Thaisteal Gníomhach Bhóthar Childers agus go hOirthear na cathrach.
Faoi láthair, tá roinnt roghanna á meas don tionscadal.
Cuireadh na roghanna sin i láthair an phobail trí phróiseas comhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil i mí Mheán Fómhair 2023.
Is féidir tuairisc iomlán ar an gcomhairliúchán seo a fheiceáil ag an nasc seo.
Táthar ag súil go ndéanfar iarratas pleanála faoi Chuid 8 a thaisceadh agus a fhógairt ar dháta níos déanaí.
Vótálfaidh comhairleoirí ansin ar cheart dul ar aghaidh leis an tionscadal atá beartaithe, dul ar aghaidh leis an tionscadal le leasuithe, nó gan dul ar aghaidh leis an tionscadal ar chor ar bith.