FÓGRA: LENA bhFOILSÍTEAR TÚS INIÚCHTA - Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh

Tugtar fógra leis seo go gcuirfidh Denis Farragher, Iniúchóir Rialtais Áitiúil, tús leis an iniúchadh ar chuntais na heagraíochta rialtais áitiúil thuasluaite don bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 2024, ar an 4ú lá de Iúil 2025.  

De réir airteagal 17 de na Rialacháin Rialtais Áitiúil (Nósanna Imeachta Airgeadais agus Iniúchta) 2014, breithneoidh an tIniúchóir Rialtais Áitiúil agóidí i gcoinne aon ábhair nó ábhar atá sna cuntais éagsúla sin le linn an iniúchta.

Ba cheart fógra i scríbhinn maidir le haon agóid bheartaithe, ina leagtar amach na sonraí agus na forais ábhartha ar a ndéanfar í, a sheoladh chuig an Iniúchóir Rialtais Áitiúil thuasluaite ag Teach na Bearú, Sráid Mhicíl, Luimneach laistigh de dheich lá ó thús an iniúchta.

Beidh an ráiteas airgeadais bliantúil ar fáil do chách le linn uaireanta oifige lena iniúchadh ar feadh tréimhse seacht lá roimh thús an iniúchta.

Arna dhátú an18ú lá seo de Mheitheamh 2025
Dr Pat Daly
Ard-Stiúrthóra

See More

Want to Submit a Listing?

Limerick.ie is sharing the story of Limerick. If you have an event, amenity (attraction, service, community group, or business) or a good news story about Limerick city or your town in County Limerick, you can now submit the details.

Submit Content
Treaty Stone Limerick. Photo Piotr Machowczyk