Bainistíocht Comhchathracha agus Cúplála

Tá go leor socrúcháin nasctha ann idir Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag cothú sprid comhoibríochta idir go leor tíortha, cathracha, grúpaí pobail agus scoileanna.

Déanann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a dhícheall chun tacú agus spreagadh leis na comhoibríochtaí sin i go leor bealaí lena n-áirítear toscaireachtaí a óstáil ó go leor eagraíochtaí agus iad teacht go cathair agus contae Luimnigh.
 

Hohenlohekreis, An Ghearmáin

Tá comhpháirtíocht nasctha ag Comhairlí Chontae Luimnigh agus Hohenlohekreis ó 1990. Chuaigh toscaireacht bheag ó Hohenlohe ar cuairt ar Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag tús mhí Aibreáin 2014 agus meastar go mbeidh toscaireacht bheag ó Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag tabhairt cuairte ar Hohenlohe ag tús an tSamhraidh in 2015. Le linn a dturais in Aibreán 2014, thug an toscaireacht ó Hohenlohe cuairt ar go leor radharcanna Luimnigh lena n-áirítear Áth Dara, Músaem Bhád Aeir Fhainge agus Caisleán Rí Sheon.


Santa Clara, California, SAM

D’fhorbair Luimneach naisc le Santa Clara leis na blianta anuas. Cuireadh tús leis an gceangal sin ag grúpa daoine ó Luimneach ina gcónaí in Bay Area San Francisco, go háirithe John Hartnett. Bhí comhaontú cairdis sínithe idir an dá chathair agus cuireadh tús le clár malartaithe scoile. Thug dhá scoil Luimnigh, Meánscoil Salesians agus Coláiste Chléimeans cuairt ar Santa Clara agus d’óstáil siad Wilcox High School agus Santa Clara High School anseo i Luimneach. Ghlac Wilcox High School páirt i mórshiúil Lá Fhéile Pádraig agus Banna Idirnáisiúnta Luimnigh.  In Iúil 2014, bhí Comhaontú Cathracha Nasctha sínithe idir Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus Santa Clara City Council in San Jose. 
 

New Brunswick, New Jersey, SAM

Shínigh Comhairle Contae Luimnigh agus New Brunswick comhaontú cathracha nasctha in Aibreán 1999. Thug toscaireacht ó New Brunswick, New Jersey, cuairt ar Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i lár Samhna 2014 agus tá cuairt ar ais ag an Méara sna staideanna luatha pleanála. Le linn a dturais i Samhain 2014, thug an toscaireacht ó New Brunswick cuairt ar go leor radharcanna Luimnigh lena n-áirítear Loch Goir, Áth Dara agus Caisleán Rí Sheon.
 

Birmingham, Sasana

Déantar malartú cuairteanna idir Luimneach agus Birmingham ó thús na 199idí. In 2013 thaisteal ionadaithe ón Deisceart agus City College Birmingham chun casadh le ionadaithe ó Choláiste Breisoideachais Luimnigh. Bhí fáiltiú foirmiúil ar an 15ú Bhealtaine 2013.
 

Cumann Deoraíochta Luimnigh, Londan, Sasana

Reáchtáil Cumann Deoraíochta Luimnigh seoladh oifigiúil ar an 21 Dheireadh Fómhair 2011, freastalaithe ag Cathaoirleach agus Mr Eugene Griffin ó Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh. Tá cuairteanna déanta go minic ag ionadaithe Luimnigh go Londain i gcomhair go leor ócáidí le céiliúradh ag an Eagraíocht thar na blianta.
 

Spokane, Washington State, SAM

Cuireadh tús oifigiúil le Caidreamh Cathracha Nasctha Luimnigh Spokane ar an 4ú Mhárta 1990, nuair a shínigh Méara Spokane agus Luimnigh comhaontú coiteann a nascann an dá chathair. I measc aidhmeanna an Chaidrimh Cathracha Nasctha, aithnítear aidhm chun gaolta cairdis a neartú agus a chothú, mar aon le tuiscint idir an dá chathair agus ócáidí Chultúir na hÉireann a thabhairt go Spokane. Thug toscaireacht 60 duine ó Spokane cuairt ar Luimneach in 2013, agus ansin chuaigh Méara Luimnigh Kathleen Leddin go dtí Spokane i mBealtaine 2014.
 

Quimper, An Fhrainc

Tá an chéad chathair a bhí nasctha le Luimneach cúpla míle intíre ón fharraige sa Bhriotáin, sa bhFrainc. Tá daonra cosúil le Luimneach in Quimper. Neartaigh agus d’fhairsingigh na Coistí Nasctha ar an dá chathair, mar aidhm thar na blianta, an ghaol chairdis idir an dá chathair. 
 

Socrúcháin Nasctha Ghrúpa Pobail

Tacaíonn Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh freisin le Socrúcháin Nasctha Ghrúpa Pobail.

Villecrenses, an Fhrainc agus Áth Dara

Thosaigh an comhaontú nasctha in 2013 nuair a thug toscaireacht ó Villecrenses cuairt ar Áth Dara don chéad uair. Bhí an toscaireacht óstáilte ag go leor teaghlaigh in Áth Dara agus bhí dearbhú ó chomhpháirtíocht nasctha sínithe in 2013. I Samhain 2013, thug toscaireacht ó Áth Dara cuairt ar Aonach Fómhair Villecrenses agus bhí seastán acu san Aonach.   Bhí an toscaireacht ó Áth Dara óstáilte ag teaghlaigh in Villecrenses.

Évry-Grégy, An Fhrainc agus Maigh Rua

Shínigh Maigh Rua comhaontú nasctha in 1996 le Évry-Grégy, lonnaithe timpeall 25km amach ó Pháras. 

Baile an Londraigh agus Wyandotte County, Kansas City, SAM

Bhí Comhaontú Comhpháirtíochta sínithe idir Wyandotte County agus Baile an Londraigh in 2009. Thug Méara Mark Holland agus toscaireacht bheag cuairt ar Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i mBealtaine 2014. I rith a dturais Bhealtaine 2014 thug an toscaireacht ó Wyandotte County cuairt ar go leor radharcanna Luimnigh lena n-áirítear Caisleán Rí Sheon, Iarsmalann Hunt agus Ardeaglais Mhuire.

Comhpháirtíochtaí idir Schlossgymnasium, Kunzelsau, An Ghearmáin agus scoileanna Fhionntáin agus Iósaf i nDún Bleisce

Bunaíodh comhpháirtíocht in 2013 idir na scoileanna thuas agus bhí sin mar thoradh le conarthaí déanta tríd an nasc le Hohenlohekreis. Thaisteal grúpa daltaí ó na scoileanna thuas go dtí Kunseslau in Aibreán 2013 agus tar éis sin thaisteal grúpa daltaí ó Kunseslau ó scoileanna Fhionntáin agus Iósaf i nDún Bleisce.