Is í Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh an tÚdarás atá freagrach as Rialtas Áitiúil i gCathair agus i gContae Luimnigh. Tá an phríomh-cheanncheathrú chorparáideach suite ag Cé na gCeannaithe i gCathair Luimnigh. Tá Méara ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a thoghtar go díreach, mar aon le 40 comhalta tofa agus thart ar 1500 ball foirne.
Tá ról suntasach ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ó thaobh an fhís straitéiseach don Chathair agus don Chontae a mhúnlú. Cuireann sí raon éagsúil cuimsitheach seirbhísí atá ag forbairt ar fáil do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do chuairteoirí sa chontae lena n-áirítear soláthar tithíochta agus seirbhísí pleanála, forbartha, comhshaoil, iompair, fiontair, fóillíochta agus pobail.
Fáiltíonn Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh roimh iarratais ó dhaoine cuícháilithe ar mian leo a bheith san áireamh ar phainéal don phost Innealtóir Feidhmiúcháin.
Líonfar conarthaí buana agus sealadacha don phost Innealtóir Feidhmiúcháin ón bpainéal seo ar feadh shaolré an phainéil.
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais - 15 Aibreán 2026.
Ní mór tras-scríbhinní iomlána don uile bhliain staidéir a bheith i gceangal, ar a dtaispeántar an líon Creidiúintí ECT a rinneadh i ngach bliain staidéir.
Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh chuig recruitment@limerick.ie. Seol d'iarratas ó sheoladh ríomhphoist a mbíonn tú ag féachaint air go rialta, mar is tríd an seoladh ríomhphoist sin agus trí sin amháin a dhéanfar cumarsáid le linn an phróisis mheasúnaithe/roghnaithe. Déan cinnte freisin go gcoinneoidh tú súil ar an bhfillteán dramhphoist/ turscair go rialta mar go bhféadfaidh do sholáthraithe seirbhíse ríomhphoist ríomhphoist a chur chuig an bhfillteán sin in amanna.