Nuashonrú ar an gClár Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte Dobharcheantair (MBRGTD)

Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) cleachtadh náisiúnta scagthástála Réamh-Mheasúnaithe Riosca Tuile (RMRT) ar 300 pobal i mbaol tuilte in Éirinn agus eisíodh é in 2011.

Ba í an aidhm a bhí leis ná na pobail ba mhó a mbeadh tionchar ag tuilte orthu ag an am agus amach anseo a aithint.

Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an 300 pobal a aithníodh in 2011, ainmníodh 9 gceantar laistigh de shainchúram Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh mar limistéir a éilíonn bearta fisiceacha chun riosca tuilte a bhainistiú agus a laghdú go suntasach.

D’ullmhaigh Oifig na nOibreacha Poiblí Dréacht-phleananna Bainistíochta Riosca Tuilte (PBRT) MBRGTD agus eisíodh iad le haghaidh comhairliúcháin phoiblí i 2016 do na ceantair seo a leanas i Luimneach.

  • Áth an tSléibhe
  • Áth Dara
  • Eas Géitine
  • Cromadh
  • Faing
  • An Caisleán Nua Thiar
  • Ráth Caola
  • Caisleán Chonaill
  • Cathair Luimnigh agus purláin

Thug an tAire Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD, faomhadh le déanaí do Phleananna Bainistíochta Riosca Tuilte MBRGTD.

Ar an 3 Bealtaine 2018, sheol an tAire Stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí & um Chosanta ó Thuilte, Kevin “Boxer” Moran TD, clár 10 mbliana d’infheistíocht €1 billiún i mbearta faoisimh tuilte faoi Phlean Forbartha Náisiúnta Tionscadal Éireann 2040.

Tá sé ar intinn ag an Rialtas infheistíocht a dhéanamh i 118 scéim cosanta tuilte ar fud na tíre sna deich mbliana atá romhainn.

Leis an gcéad tráinse de mhaoiniú €257 milliún, cuirfear 50 scéim náisiúnta ar aghaidh chuig an gcéim mhionsonraithe deartha agus tógála.
As na 50 scéim seo cuirfear na scéimeanna seo a leanas i Luimneach chun cinn trí infheistíocht dhíreach de €57.4 milliún:

  • Cathair Luimnigh agus purláin
  • Caisleán Chonaill
  • Áth an tSléibhe
  • Ráth Caola

Áiríodh na ceantair seo a leanas i Scéim Cosanta Tuilte Chathair Luimnigh níos leithne:

  • Céanna Lár na Cathrach
  • Sparr Thuamhan
  • Corrbhaile
  • Áth an Choite
  • Montpelier
  • Ceantar na nDugaí
  • Bóthar Condell
  • Baile an Churraigh
  • Ros Briain
  • Baile Mhic Shíomoin
  • Seanbhóthar na Creatalaí

Tá sé i gceist, tar éis do Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh glacadh leis na pleananna, go dtiocfaidh na scéimeanna ar aghaidh i dtadhall idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh go dtí na céimeanna mionsonraithe dearaidh agus tógála.

Tá na Pleananna Bainistíochta Riosca Tuilte MBRGTD atá faofa le déanaí agus na Ráitis um Measúnú Straitéiseach Comhshaoil ​​agus na Ráitis Tionchair Natura a bhaineann leo ar fáil lena n-iniúchadh ag na láithreacha seo a leanas le linn gnáthuaireanta oibre:

Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh

Tuar an Daill
Luimnigh
V94 WV78

Cé na gCeannaithe
Luimnigh
V94 EH90

Is féidir teacht ar fhaisnéis bhreise agus ar na doiciméid thuas freisin ar shuíomh gréasáin tuile tiomnaithe an OOP.

Is féidir teacht ar fhaisnéis an Phlean MBRGTD (Measúnú agus Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte Dobharcheantair) arna eisiúint ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) sna doiciméid tacaíochta thíos.